Written answers

Tuesday, 19 January 2016

Department of Agriculture, Food and the Marine

Íocaíochtaí Deontas

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

242. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht, don bhliain 2015, faoin Scéim Buníocaíochta, faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha, agus faoin Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath (REPS), le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2142/16]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuarthas iarratas faoin Scéim Buníocaíochta/Scéim na Limistéar faoi Shrian Nádúrtha ón duine a ainmnítear i mo Roinn an 8 Bealtaine 2015. I ndiaidh próiseála a dhéanamh, sainaithníodh ró-éileamh maidir le dáileacht talún amháin a dearbhaíodh. Eisíodh litir don duine a ainmnítear maidir leis an gceist seo agus próiseáladh a iarratas ar an Scéim Buníocaíochta (an SBI) lena íoc. Meastar go n-eiseofar íocaíocht an SBI go gairid don chuntas ainmnithe bainc.

Cuireadh san áireamh sa phróiseáil a dhéantar ar an iarratas ar Limistéir faoi Shrian Nádúrtha an ró-éileamh thuas agus tugadh an phróiseáil chun críche le déanaí. Eiseofar an íocaíocht seo do chuntas ainmnithe bainc an duine a ainmnítear go gairid.

Chuir an duine a ainmnítear tús lena gconradh faoin Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta an 1 Samhain 2010 agus íocadh é do bhlianta 2010-2014 na scéime.

Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim agus scéimeanna eile íocaíochta limistéarbhunaithe, is gá seiceáil chuimsitheach riaracháin a chríochnú, cros-seiceálacha san áireamh leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún. Mar gheall gurb é seo a mbliain deiridh scéime, ní mór athsheiceálacha ar íocaíochtaí a rinneadh do gach bliain scéime a chríochnú sular féidir íocaíocht deiridh a phróiseáil.

Tá na seiceálacha seo tugtha chun críche anois agus meastar go n-eiseofar íocaíocht go luath.

An application under the Basic Payment/Areas of Natural Constraint Scheme from the person named was received in my Department on 8 May 2015. Following processing, an over-claim was identified in respect of one land parcel declared. A letter has issued to the person named regarding this matter and his BPS application has been processed for payment. It is expected that the BPS payment will issue shortly to the nominated bank account.

Processing of the Areas of Natural Constraint application has taken account of the above over-claim and has recently been finalised. This payment will issue to the nominated bank account of the person named shortly.

The person named commenced their AEOS 1 contract on 1 November 2010 and has been paid for the 2010-2014 scheme years. Under the EU Regulations governing the Scheme and other area-based payment schemes, a comprehensive administrative check, including cross-checks with the Land Parcel Identification System must take place. As it is their final scheme year re-checks on payments made for all scheme years must be completed before final payment can be processed. These checks have now been completed and it is expected that payment will issue shortly.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.