Written answers
Wednesday, 16 December 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Clár Forbartha Tuaithe
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
195. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an raibh an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil i dteagmháil léi maidir le forbairt na Cé in Inis Oírr, ó tharla go ndúirt sé liom ar an 6ú lá de mhí Dheireadh Fómhair agus ar an 8ú lá de mhí na Nollag go mbeadh sé ag dul i mbun comhráití léi i dtaobh na ceiste seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45612/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go raibh plé iomlán agus fiúntach agam le grúpaí éagsúla ar Inis Oírr nuair a thug mé cuairt ar an oileán sin ar 10 Nollaig. I measc na nithe a pléadh, bhí forbairt an ché ar an oileán, an tseirbhís aeir, cúrsaí iascaireachta agus saincheisteanna eile a bhaineann le saol na n-oileánach. Tá oifigigh ó mo Roinnse i dteagmháil leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir le forbairt an ché ar Inis Oírr. Mar is eol don Teachta, ar ndóigh, is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe cé Inis Oírr.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
196. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a bhfuil sé i gceist aici go gcasfaidh an tAire Stáit McHugh le hionadaithe ó phobal Inis Meáin, mar atá geallta aige, chun forbairt Ché an Chalaidh Mhóir a phlé leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45614/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe Cé an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin. É sin ráite, tá mé sásta, ar ndóigh, bualadh le toscaireacht ón oileán maidir leis an gcé ach dáta do chruinniú dá leithéid a aontú leo. Tá sé sin curtha in iúl agam d'ionadaithe Inis Meáin.
No comments