Written answers
Wednesday, 9 December 2015
Department of Agriculture, Food and the Marine
Íocaíochtaí Deontas
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
81. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar theidlíochtaí faoin "Maolú Albanach" maidir le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil moill ar an gcinneadh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44300/15]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sheol na daoine a ainmnítear iarratas ar Mhaolú Albanach ar aghaidh an 8 Bealtaine 2015 ach níor sheol siad iarratas ar Scéim Íocaíochta Aonair 2013 ar aghaidh. Faoi rialacha an AE a rialaíonn an Scéim Buníocaíochta, is gá na cásanna seo a phróiseáil faoin gCúlchiste Náisiúnta.Cuirfear tús lehíocaíochtaí a dhéanamh leis an ngrúpa seo d’fheirmeoirí maolaithe Albanaigh in Eanáir 2016.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
82. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoiscéim na limistéar faoi shriantacht nádúrtha agus faoin scéim buníocaíochta do 2015 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil moill leis na híocaíochtaí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44312/15]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sheol an duine a ainmnítear iarratas faoin Scéim Buníocaíochta/Scéim na Limistéar Srianta Nádúrtha 2015 (ANC) chuig mo Roinn an 29 Bealtaine, 2015. Eisíodh íocaíocht faoi Scéim an ANC go díreach le cuntas ainmnithe bainc an duine a ainmnítear. Faoin Scéim Buníocaíochta, níor deimhníodh go raibh aon teidlíochtaí ag an duine a ainmnítear agus, dá bhrí sin, níl aon íocaíocht ag dul dó faoin Scéim seo. Tugann taifid na Roinne le fios gur ghlac an duine a ainmnítear seilbh ar an uimhir thréada an 11 Deireadh Fómhair 2013, ach níor ghabh ceart leithdháilte leis an uimhir thréada seo chun teidlíochtaí a fháil faoin Scéim Buníocaíochta 2015. Níor sheol an t-iar-úinéir tréada iarratas faoin Scéim Buníocaíochta 2013 ar aghaidh, agus is gá seo a dhéanamh chun ceart uathoibríoch a dheimhniú chun teidlíochtaí nua a fháil faoin Scéim Buníocaíochta.
Déanfaidh mo Roinn teagmháil leis an duine a ainmnítear go díreach ag féachaint le hiarratas a sheoladh ar aghaidh ar leithdháileadh teidlíochtaí faoin Scéim Buníocaíochta 2016.
No comments