Written answers
Tuesday, 8 December 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
68. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht i gcomhthéacs luach na Gaeilge sa gheilleagar agus staidéar a deir gur fiú os cionn €136 milliún do gheilleagar na Gaillimhe gach bliain an Ghaeilge, arbh fhiú breathnú ar scéim náisiúnta a thabhairt isteach chun gnólachtaí a spreagadh agus a mhealladh le níos mó Gaeilge a úsáid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43501/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirtear maoiniú bliantúil ar fáil faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne do na heagraíochtaí Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael Taca i gcathair Chorcaí, a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil ghnó. Tá os cionn €1.5m curtha ar fáil i ndeontais ag mo Roinn do na heagraíochtaí seo le linn na tréimhse ó 2011 go dáta. Cuireann Foras na Gaeilge cúnamh, comhairle agus maoiniú ar fáil don earnáil ghnó chun úsáid na Gaeilge a spreagadh trína fheachtas sainbhrandála Gnó Means Businessagus faoina Scéim Tacaíochta Gnó agus faoin gciste tacaíochta Nuálachas san Earnáil Ghnó. Tá eolas maidir leis na tacaíochtaí seo le fáil ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge ag an nasc
Tá tionscnaimh ar leith á bhforbairt ag Foras na Gaeilge fosta chun dea-chleachtas a éascú san earnáil ghnó trí mholtaí agus réitigh phraiticiúla a chur ar fáil maidir le húsáid éifeachtach an dátheangachais i gcomhréir le dea-chleachtais idirnáisiúnta i leith mionteangacha. Chuige sin, tá treoirleabhar dírithe ar úsáid an dátheangachais ar chomharthaíocht (Comharthaíocht Dhátheangach – Treoir ar an gCleachtasis Fearr) ar fáil ón bhForas agus táthar ag súil treoirleabhar nua ar dhea-chleachtais an dátheangachais ar phacáistíocht a fhoilsiú i mí Eanáir 2016. Ina theannta sin, tá scéim náisiúnta Q-Mharc Gnó le Gaeilgeá hullmhú ag Foras na Gaeilge i láthair na huaire chun gnólachtaí a spreagadh agus a mhealladh le níos mó Gaeilge a úsáid.
No comments