Written answers

Tuesday, 8 December 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

55. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sí an t-eolas is deireanaí maidir leis an Straitéis 20 Bliain ar fáil agus cathain a bheidh sé ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43463/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is ar mo Roinnse atá an fhreagracht uileghabhálach an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chomhordú i gcomhar le páirtithe leasmhara éagsúla. Cuirtear é seo i gcrích tríd na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear an Coiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, an Coiste Comhairleach, an Grúpa Idir-Rannach agus na grúpaí ardleibhéil éagsúla. Beidh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilgecúig bliana ar an bhfód ag deireadh na bliana seo. Sa chomhthéacs sin, tá díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis eagraithe ag mo Roinnse. Is í an aidhm atá leis an díospóireacht oscailte ná breathnú siar ar an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas agus breathnú chun tosaigh ar na tosaíochtaí faoin Straitéis don tréimhse cúig bliana atá romhainn. Ag eascairt as an bpróiseas comhairliúcháin atá ar siúl mar chuid den díospóireacht oscailte, beifear ag súil na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh a aithint agus a fhoilsiú.

Beidh comhdháil faoin díospóireacht oscailte ar siúl amárach i mBaile Átha Cliath. Beidh an chomhdháil dírithe ar na réimsí gnímh atá sonraithe faoin Straitéis, ach go háirithe oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin chumarsáide agus an teicneolaíocht. Mar chuid den díospóireacht oscailte, eagraíodh cruinnithe Gaeltachta le coicís anuas in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, i gCill Airne, Co. Chiarraí agus i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Bhí na cruinnithe Gaeltachta dírithe ach go háirithe ar chur i bhfeidhm praiticiúil an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Mar chuid den díospóireacht oscailte fosta, tá plépháipéar foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne. Táthar ag díriú ar shaincheisteanna straitéiseacha ar leith sa phlépháipéar chun fócas a thabhairt don phróiseas comhairliúcháin atá á reáchtáil mar chuid den díospóireacht oscailte ar pholasaí. Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí faoin bplépháipéar a chur chuig mo Roinn faoin 18 Nollaig.

Chomh maith leis an díospóireacht oscailte ar pholasaí a reáchtáil, tá mo Roinnse ag déanamh comhordú ar an eolas atá le foilsiú ag na Ranna Rialtais go léir faoin méid atá bainte amach faoin Straitéis le cúig bliana anuas. Táthar ag súil go mbeidh an t-ábhar seo foilsithe go han-luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.