Written answers

Tuesday, 8 December 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d'Eagrais Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

663. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an eol di go bhfuil imní ar chuid de na heagraíochtaí Gaeilge faoi na leasuithe atá déanta ar an Scéim Pobal Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge, ar leasuithe iad a bhaineann le cómhaoiniú, maoiniú do chostais oifige agus maoiniú chun plean gníomhaíochta a chur le chéile agus a bhaineann chomh maith le deis a bheith ag na heagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoin scéim cur isteach ar mhiondeontais Fhoras na Gaeilge; an bhfuil sé i gceist aici an scéal a phlé ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ar siúl leis an Aire ó Thuaisceart Éireann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44098/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Scéim Phobail Gaeilge á riar ag Foras na Gaeilge ón mbliain 2005 chun cabhrú le coistí deonacha an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail ar bhonn uile-oileáin. Bunaithe ar thorthaí phróisis chomhairliúcháin de chuid Fhoras na Gaeilge, cuireadh scéim leasaithe os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcomhair a faofa ar an 6 Samhain 2015. Is iad seo a leanas príomhghnéithe na Scéime Pobail Gaeilge athbhreithnithe a d’fhaomh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas chun teacht i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2016:

- aistriú ó scéim trí bliana go scéim ceithre bliana;

- comhdhlúthú ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus éascaíocht a dhéanamh do phobail nua leas a bhaint as an scéim tríd an líon deontaithe féideartha a mhéadú ón 19 ngrúpa reatha go huasmhéid 26 ghrúpa (méadú 37%);

- uasleibhéal deontais de €37,000 i mbliain 1 (ag ardú go €40,000 i mbliain 4), lena n-áirítear 80% de na costais a bhaineann le fostaíocht na n-oifigeach forbartha; agus

- fócas nua ar fhorbairt inbhuanaithe sna pobail féin a chuirfidh ar chumas grúpaí úinéireacht agus maoirseacht a choinneáil laistigh dá réimsí sprice féin agus a chinntiú go mbeidh torthaí buana mar thoradh ar an maoiniú.

Tá sé mar sprioc go mbeidh na hoifigigh forbartha a cheapfaidh na deontaithe faoin scéim úr ag cumasú grúpaí eile sna pobail le cur isteach ar scéimeanna éagsúla Fhoras na Gaeilge agus ag bunú gréasán éagsúil ar nós grúpaí siúil/rothaíochta/léitheoireachta, ciorcal comhrá, etc. Ar an mbonn sin, tacóidh an scéim nua le gréasáin sheasmhacha pobail a bhunú sa todhchaí chomh maith le freastal ar níos mó pobal ar bhonn níos leithne.

Tá sé beartaithe ag Foras na Gaeilge maoiniú de €4m a chur ar fáil don scéim nua thar thréimhse ceithre bliana. Tá mo Roinnse i mbun comhráití leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh agus le Foras na Gaeilge maidir le cur i bhfeidhm na scéime nua.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.