Written answers
Tuesday, 8 December 2015
Department of Environment, Community and Local Government
An Clár Infheistíochta Caipitil
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
574. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cén uair a bheifear i dteagmháil le Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an airgead atá curtha ar fáil faoina Roinn chun cé Inis Oírr a fhorbairt; an mbeidh ar an gComhairle Contae sciar den chostas a chur ar fáil le híoc as forbairt na cé agus más amhlaidh go mbeidh, cén céatadán a bheidh i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43887/15]
Alan Kelly (Tipperary North, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil soláthar €8 milliún curtha ar fáil ag an Rialtas faoin gClár Bonneagair agus Infheistíochta Caipitil, 2016-2021 d’fhorbairt na cé ar Inis Oírr, Oileáin Árann. Tá sé mar chuspóir lárnach ag an Rialtas go leanfaidh pobail bhríomhara, inmharthana ag cur fúthu ar na hoileáin agus is léir go rachaidh an togra tábhachtach seo go mór chun tairbhe pobal Inis Oírr.
Beidh mé ag dul i mbun comhráití go luath faoin togra le mo chomhleacaí, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., a bhfuil príomhfhreagracht ag a Roinn as forbairt na n-oileán. Pléifear na mionsonraithe cuí maidir leis an togra tábhachtach seo a chur i gcrích ag an bpointe sin.
No comments