Written answers

Thursday, 3 December 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

283. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Chun a fhiafraí den Aire Gaeltachta cad é an líon post i bhForas na Gaeilge atá folamh, cad iad na poist atá i gceist, cé chomh fada is atá siad folamh agus cad iad na céimeanna atá á nglacadh aige chun na folúntais a líonadh. [43351/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtosach báire, ba chóir dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil Foras na Gaeilge mar áisíneacht den fhoras forfheidhmithe trasteorann, An Foras Teanga. Dá réir sin, tá na socruithe foirne cuí leagtha amach san Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. Go hachomair, tá Foras na Gaeilge freagrach as an gcúram earcaíochta faoi réir an líon agus struchtúr foirne atá ceadaithe ag na hAirí Airgeadais sa dá dhlínse agus an Chomhrúnaíocht Aireachta Thuaidh Theas.

Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil folúntas ag leibhéal oifigeach feidhmiúcháin san áisíneacht ó mhí Lúnasa 2015 agus go bhfuil na céimeanna cuí ar bun chun an post sin a fhógairt tar éis na Nollag.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.