Written answers
Thursday, 3 December 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Eitilte
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
281. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Chun a fhiafraí den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na comhráite a bhí aige le páirtithe leasmhara go dtí seo maidir leis an gconradh nua don tSeirbhís Aeir go dtí oileáin Árann a bheidh á chur amach ar tairiscint an bhliain seo chugainn; cé leis a raibh na comhráite; cén toradh a bhí orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43349/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mo Roinn i ndáil leis an Oifig um Sholáthar Rialtais le tabhairt faoi phróiseas soláthar poiblí d’fhonn conradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann a aontú. Tá an réamhullmhúchán don phróiseas sin tosaithe cheana féin agus mar chuid dó beidh cruinniú idir oifigigh na Roinne agus ionadaithe ó na hoileáin inniu, an 3ú Nollaig. Is é seo an chéad cruinniú leis na hionadaithe maidir leis an bpróiseas úr agus táim muiníneach go mbeidh sé tairbhiúil don dá thaobh.
No comments