Written answers

Thursday, 3 December 2015

Department of Education and Skills

Foirgnimh Scoile

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

260. To ask the Minister for Education and Skills Chun a fhiafraí den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil conraitheoir ceaptha le foirgneamh scoile nua a thógáil (sonraí thíos); má tá, cén conraitheoir a bheidh ag déanamh na oibre; cén uair a thósóidh an obair ar an scoil; cén uair a chríochnóidh an obair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43390/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an tionscadal a ndéanann an Teachta tagairt dó beagnach i gcrích ó thaobh an phróisis tairisceana de. Fuarthas an Tuairisc Tairisceana le déanaí sa Roinn. Mura mbíonn aon cheisteanna ag éirí aisti táthar ag súil go leanfar ar aghaidh leis an tionscadal ar an láthair sa chéad ráithe de 2016. Go dtí go mbronntar an conradh, ní féidir ainm an chonraitheora a n-éireoidh leis/léi a chur ar fáil. Agus é ar an láthair, glacfaidh an tionscadal tuairim is 12 mhí le cur i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.