Written answers

Tuesday, 1 December 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

638. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nach bhfuil scéim teanga i bhfeidhm ach ag 115 chomhlacht phoiblí as 400. [42819/15]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

639. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an í an tAire féin atá freagrach as a chinntiú go bhfuil scéim aontaithe le gach comhlacht poiblí, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. [42820/15]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

640. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad atá an tAire chun a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil scéim aontaithe le gach comhlacht poiblí agus cén dáta a bheidh seo déanta. [42821/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé ceisteanna 638, 639 agus 640 le chéile.

Mar a thug mé le fios don Teachta i mo fhreagra ar Cheisteanna Dála 604 agus 608 ar an 24 Samhain 2015, tá 107 scéim teanga reatha i bhfeidhm agus tá 115 comhlacht poiblí clúdaithe faoi na scéimeanna sin. Clúdaíonn na scéimeanna teanga sin mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn plé idirghníomhach ag an phobal leo ar bhonn rialta, lena n-áirítear ranna agus oifigí Stáit, údaráis áitiúla, institiúidí oideachais agus comhlachtaí poiblí eile nach iad.

Ní miste a nótáil go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na gcomhlachtaí poiblí a mbítear ag plé leo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar gheall ar an chuíchóiriú agus an sruthlíniú atá déanta ar chomhlachtaí poiblí an Stáit le roinnt blianta anuas. Tá na hathruithe seo á mbeachtú i gcomhthéacs Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú).

Déantar scéimeanna teanga a dhaingniú le comhlachtaí poiblí ar bhonn céimnithe. Sa chomhthéacs seo, tá plé gníomhach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le 129 comhlacht poiblí chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá sé aitheanta go bhfuil dúshláin ag baint leis an phróiseas chun scéimeanna teanga a aontú, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú mór ar acmhainní. Tá bearta dearfacha á dtógáil ag an Rialtas chun tacú leis an phróiseas agus chun feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge. I measc na mbearta sin, áirím na céimeanna atá idir lámha chun cur le líon na n-oifigeach sa Státseirbhís atá inniúil sa Ghaeilge.

Tá na forálacha a bhaineann le scéimeanna a dhaingniú sonraithe in ailt 11-18 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Maidir le dualgas an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i dtaca le scéim a dhaingniú, forálann alt 14(1) den Acht mar a leanas: "Ar chomhlacht poiblí do thíolacadh dréacht-scéime don Aire, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine eile lena n-áirítear cibé Aire eile (más ann) den Rialtas a measfaidh an tAire gur chóir dul i gcomhairle leo, agus le toiliú cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, an dréacht-scéim a dhaingniú gan leasú nó fara cibé leasuithe is cuí leis nó léi.”

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.