Written answers

Tuesday, 24 November 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

604. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil scéim teanga daingnithe ag Córas Iompair Éireann - lena n-áirítear Bus Éireann, Bus Átha Cliath agus Iarnród Éireann; cá seasann an scéim sin i láthair na huaire. [41466/15]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

608. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sí liosta ar fáil de na comhlachtaí poiblí a thagann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 nach bhfuil scéim teanga aontaithe ag an Roinn leo. [41670/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé ceisteanna Uimh. 604 agus Uimh. 608 le chéile.

Tá iarrtha ar Chóras Iompair Éireann, lena n-áirítear Bus Éireann, Bus Átha Cliath agus Iarnród Éireann, dréacht scéim teanga a thíolacadh dom faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tá oifigigh mo Roinne i dteagmháil leis an chomhlacht poiblí ina leith.

Tá sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga maidir leis na comhlachtaí poiblí go léir a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. I gcomhthéacs dréachtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2015, tá uasdátú á dhéanamh ar Chéad Sceideal an Achta faoi láthair chun na hathruithe móra atá tagtha ar chomhdhéanamh na seirbhíse poiblí le roinnt blianta anuas a bheachtú. Cuimsíonn an próiseas uasdátaithe comhlachtaí poiblí athstruchtúraithe ar nós na mBord Oideachais agus Oiliúna agus na nÚdarás Áitiúil chomh maith le comhlachtaí poiblí atá as feidhm ar nós na mBord Fiontar Contae. De réir an eolais is déanaí atá ar fáil i ndáil leis an phróiseas uasdátaithe, tuigtear dom gurb é tuairim is 400 an líon reatha comhlachtaí poiblí atá le háireamh faoi scáth an Achta.

I láthair na huaire, tá 107 scéim teanga i bhfeidhm, a chlúdaíonn 115 comhlacht poiblí san iomlán. Ina theannta sin, tá plé gníomhach ar siúl le 129 comhlacht poiblí eile chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá sonraí gach scéim daingnithe ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara Teanga chomh maith le sonraí maidir leis na comhlachtaí poiblí a bhfuil dréacht scéim teanga iarrtha orthu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.