Written answers

Thursday, 19 November 2015

Department of Justice and Equality

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

129. To ask the Minister for Justice and Equality cén uair a chuirfear ar fáil an tuarascáil a lorgaíodh ó údaráis an Gharda Síochána maidir le saincheisteanna oibríochta a ardaíodh i dtaca le cur i ngníomh Ionstraim Reachtúil Uimh. 398 de 2015, na Rialacháin fán Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2010 (Alt 13) (An Fhoirm Fhorordaithe agus an Modh Forordaithe maidir le Ráitis), 2015, arna síniú ina dlí le gairid ag an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt; an bhfuil baol ann idir an dá linn go dteipfidh ar chúiseanna a thógfar in aghaidh tiománaithe de bharr gan tairiscint ghníomhach de cháipéisí a bheith ar fáil i nGaeilge i ngach cás le linn don Ionstraim Reachtúil seo a bheith á feidhmiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40909/15]

Photo of Frances FitzgeraldFrances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá curtha in iúl dom go bhforáiltear le hIonstraim Reachtúil Uimhir 398 de 2015 (Na Rialacháin fán Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2010 (Alt 13) (An Fhoirm Fhorordaithe agus an Modh Forordaithe maidir le Ráitis), 2015), a ndearna an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt í a shíniú ina dlí ar an 22 Meán Fómhair 2015, go bhféadfar, maidir leis an ráiteas a cheanglaítear a thabhairt, é a chur ar fáil i mBéarla nó i nGaeilge. Tá curtha in iúl dom ag údaráis an Gharda Síochána gur féidir leis na Meaisíní Tástála Fianaisí Anála, arna n-úsáid ag an nGarda Síochána, an ráiteas sin a chur ar fáil i gceachtar teanga

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.