Written answers

Thursday, 12 November 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Eitilte

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

41. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí sásta leis an aersheirbhís go hOileáin Árann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39505/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, rinne mo Roinn athbhreithniú a choimisiúnú anuraidh ar an tseirbhís aeir i gcomhréir leis an Rialachán AE. Léirigh an t-athbhreithniú a rinne EY go raibh cás socheacnamaíoch ann don tseirbhís aeir. Léiríodh fosta go raibh sé riachtanach sábháiltí a bhaint amach i gcomhthéacs an mhéadaithe de 136% a bhí tagtha ar chostas na seirbhíse aeir le linn na tréimhse athbhreithnithe 2003-2013 a bhí faoi chaibidil sa tuarascáil. Bhí an tuarascáil seo iomlán cuimsitheach agus bhí dualgas ar mo Roinn an tuarascáil a chur san áireamh agus í i mbun phróisis tairisceana don tseirbhís aeir.Bunaithe ar mholtaí an athbhreithnithe, cuireadh próiseas tairisceana ar bun chun conradh a aontúdon tseirbhís aeir don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019. Is í an Oifig um Sholáthar Rialtais a bhí i mbun an phróisis tairisceana a reáchtáil thar ceann mo Roinne i gcomhréir leis an Rialachán AE.

Le linn an phróisis tairisceana, tháinig sé chun solais go raibh éiginnteacht ag baint le hAerfort na Gaillimhe a bheith ar fáil don tairgeoir roghnaithe don tréimhse iomlán ceithre bliana den chonradh a bhí beartaithe. Tar éis do mo Roinn soiléiriú a fháil maidir leis seo, tógadh an cinneadh go raibh údair oibiachtúla ann chun deireadh a chur leis an bpróiseas tairisceana. Cuireadh an cinneadh sin in iúl do na tairgeoirí agus chuaigh mo Roinn i mbun idirbheartaíochta leis an soláthraí reatha chun conradh eatramhach bliana a aontú go 30 Meán Fómhair 2016. Rinneadh é seo ar mhaithe le cinntiú go leanfadh an tseirbhís aeir. Tá na téarmaí agus na coinníollacha céanna ann faoin gconradh reatha is a bhí ann faoin gconradh roimhe seo.

Le linn na tréimhse atá amach romhainn, beidh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, ag tabhairt faoi phróiseas tairisceana úr chun conradh ceithre bliana a aontú don tréimhse ó 1 Deireadh Fómhair 2016. Déanfar é seo i gcomhréir leis na riachtanais dhlíthiúla faoi na rialacha náisiúnta soláthair agus an Rialachán AE ábhartha. Chun cloí leis an Rialachán AE, caithfear nóta eolais faoin bpróiseas tairisceana a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an AE faoin 30 Márta 2016. Tá agus beidh mo Roinnse i ndáil chomhairle le pobal Oileáin Árann agus páirtithe leasmhara eile mar chuid den phróiseas seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.