Written answers

Thursday, 12 November 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

27. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an moladh go mbeidh 10% de na hoibrithe san earnáil phoiblí in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39506/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuilim tar éis scríobh chuig Airí éagsúla chun dul i mbun plé leo maidir le tionscnaimh pholasaí áirithe a bhfuil sé mar aidhm acu forbairt a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge. Cuimsíonn an cur chuige seo moltaí éagsúla atá déanta maidir leis an ábhar seo. Tá an méid seo a leanas san áireamh sna tionscnaimh pholasaí seo:

- Na céatadáin íosta do na painéil do dhátheangaigh fheidhmiúla a ardú ón íosmhéid de 6% i gcomórtais earcaíochta do ghráid neamh-speisialtóireachta. Is í an mhianaidhm an céatadán a ardú ar bhonn incriminteach go dtí 20% thar thréimhse ama, ag tosú le hardú go dtí 10% mar thús;

- Treisiú a dhéanamh ar an gcreatlach pleanála don fhórsa saothair do Ranna Rialtais trína gcuirtear iachall orthu mír ar leith a bheith sna pleananna gníomhaíochta don fhórsa saothair a shonraíonn na poist/réimsí oibre ina mbíonn gá le dátheangaigh fheidhmiúla le fócas ar leith ar an nGaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.