Written answers
Thursday, 12 November 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Comóradh 1916
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
18. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí míniú ar an moill atá ar an obair ag ionad Theach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co. na Gaillimhe; cén t-athrú atá déanta ar na pleananna; cén fath a rinneadh an t-athrú sin; agus cén uair a bheidh sé réidh lena oscailt don phobal. [39531/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an t-ionad do chuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh ar cheann de na hocht meabhrúcháin bhuana atá á bhforbairt mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Mar is eol don Teachta, fógraíodh i gcáinaisnéis 2016 go mbeidh allúntas de €1.9m curtha ar fáil i Vóta mo Roinne do 2016 do Theach an Phiarsaigh, faoi réir na Meastachán a bheith faofa in am trátha.
Táim sásta go bhfuil an obair ar an togra seo ag gluaiseacht ar aghaidh go sásúil. Mar a tharlaíonn le tograí móra caipitil dá leithéid, tagann rudaí chun cinn ó am go chéile a dtógann roinnt ama chun iad a réiteach. Sa chomhthéacs sin, tuigtear dom gurb éigean d'Údarás na Gaeltachta tairiscintí nua a lorg don obair thógála ar an ionad do chuairteoirí mar go raibh na costais a bhain leis an tairiscint dheireanach ró-ard. Ní miste dom a rá nach bhfuil aon athrú déanta ar na pleananna don ionad ná ar stíl an deartha a bhí ceadaithe tríd an gcóras pleanála. Is amhlaidh go ndearnadh athbhreithniú ar an mbunábhar a bhí beartaithe le húsáid mar bhailchríoch do bhallaí inmheánacha agus seachtracha ag an ionad.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta, atá i gceannas ar an togra, go mbeidh conraitheoir ceaptha acu go han-luath agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh tús curtha leis an obair thógála i dtreo dheireadh na míosa seo. Táim muiníneach go mbeidh Slí na Coille críochnaithe faoi Cháisc 2016 agus go mbeidh an t-ionad do chuairteoirí críochnaithe faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2016.
No comments