Written answers

Tuesday, 3 November 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1204. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth ar thug an tAire Stáit sa Roinn le fios i bhfreagra ar Cheist Dála Uimhir 118 an 14 Deireadh Fómhair nach raibh iarratas faighte aige ó phobal Inis Meáin ar chruinniú le ceist fhorbairt na Cé ag an gCaladh Mór a phlé nuair a bhí iarratas curtha chuige an 6 Lúnasa 2015 ar tugadh freagra air an 29 agus an 30 Meán Fómhair; an bhfuil sé i gceist aige anois géilleadh don iarratas seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37785/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I bhfreagra a cuireadh ar an gcomhfhreagras den 6 Lúnasa atá luaite ag an Teachta, míníodh gur cúram don Chomhairle Contae an ché seo. É sin ráite, tá mé sásta i gcónaí bualadh le grúpaí ó na hoileáin chun plé a dhéanamh ar nithe éagsúla atá ag déanamh imní dóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.