Written answers

Tuesday, 20 October 2015

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéimeanna Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

317. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar theidlíochtaí faoin "Scottish Derogation" i ndáil le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill ar an gcinneadh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36343/15]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sheol an duine a ainmnítear iarratas ar leithdháileadh teidlíochtaí faoi ‘Maolú na hAlban’ an 8 Bealtaine 2015. Tá an t-iarratas seo á phróiseáil faoin gcatagóir ‘Maolú na hAlban’ (‘Scottish Derogation’) den Chúlchiste Náisiúnta.

Tá próiseáil iarratas ar an gCúlchiste Náisiúnta ar siúl faoi láthair. Tá seiceálacha riaracháin agus feirme agus sonraí talún a seoladh ar aghaidh faoin iarratas ar Scéim Buníocaíochta 2015 a fhíordheimhniú i gceist leis an bpróiseáil. Ceanglaítear go ndéantar na seiceálacha seo faoi Rialachán an AE.

Nuair a chríochnaítear na seiceálacha go léir agus nuair a chuirtear próiseáil na n-iarratas i gcrích, déanfaidh mo Roinn comhfhreagras díreach le gach iarratasóir chun iad a chur ar an eolas ar thoradh a n-iarratais.

Cuirfear tús le híocaíocht faoi chatagóir ‘Maolú na hAlban’ den chatagóir den Chúlchiste Náisiúnta go luath i Nollaig 2015.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.