Written answers

Wednesday, 14 October 2015

Department of Justice and Equality

Leaganacha Gaeilge d'Fhoirmeacha Foirmiúil

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

45. To ask the Minister for Justice and Equality cad iad na socruithe atá déanta chun a chinntiú go mbeidh na foirmeacha dá dtagraítear in Ionstraim Reachtúil 398 de 2015 ar fáil i nGaeilge, ar iad a éileamh, de bhun an bhreithiúnais in Ó Beoláin v Fahy sa Chúirt Uachtarach; an bhfuil socrú déanta chun gur féidir na gairis anála agus na hIonstraimí Reachtúla a ghabhann leis an leagan Gaeilge den fhoirm a chur ar fáil, ar iad a éileamh; cad iad na socruithe atá déanta chun freastal ar dhuine a dhiúltaíonn an leagan Béarla a shíniú de réir a gceart bunúsach, mar a sonraíodh sa Chúirt Uachtarach iad, agus chun a chinntiú go mbeidh leagan Gaeilge den fhoirm ar fáil i gcónaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35885/15]

Photo of Frances FitzgeraldFrances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a thuigfidh an Teachta, ní feidhm de mo chuid mar Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais é comhairle nó léirmhíniú a chur ar fáil i ndáil le haon bhreithiúnas cúirte ar leith. Táim tar éis tuarascáil a lorg ó údaráis an Gharda Síochána maidir leis na saincheisteanna oibríochta a ardaíodh i dtaca le cur i ngníomh Ionstraim Reachtúil Uimh. 398, na Rialacháin fán Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2010 (Alt 13) (An Fhoirm Fhorordaithe agus an Modh Forordaithe maidir le Ráitis), 2015, arna síniú ina dlí le gairid ag mo chomhghleacaí, an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Rachaidh mé i dteagmháil leis an Teachta arís a luaithe a bheidh an tuarascáil sin ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.