Written answers

Tuesday, 6 October 2015

Department of Agriculture, Food and the Marine

Cuanta agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

383. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cé mhéid airgid atá curtha i leataobh faoin gClár Bonneagair agus Infheistíochta Caipitil, 2016-2021 d’fhorbairt cé doimhne mara i Ros an Mhíl, Contae na Gaillimhe; cén uair a iarrfar tairiscintí don obair seo, ó tharla go bhfuil cead pleanála ann cheana don obair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34383/15]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara freagrach as na sé Ionad Iascaigh Cuain atá lonnaithe ag Binn Éadair, an Dún Mór, na Cealla Beaga, an Daingean, Baile Chaisleáin Bhéarra, agus Ros an Mhíl. Tá an Roinn seo freagrach chomh maith as Cuan Trá Chiaráin ar Chléire agus as réimsí céanna, soilse agus rabhchán a chothú timpeall an chósta i gcomhréir leis an 1902 ex-congested Districts Board Piers, Lights and Beacons Act.

Soláthraíonn an Clár Forbartha Caipitiúla Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta, a riarann an Roinn ar bhonn bliantúil, cistiú d’oibreacha caipitiúla ag na láithreacha thuas. Tá an tsraith tionscadal atá le cur san áireamh i gclár 2016 á tabhairt chun críche agus is amhlaidh atá na gealltanais do thionscadail fhéideartha níos fadtéarmaí chomh maith. Déanfaidh mé fógra ar na saincheisteanna seo in am agus i dtráth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.