Written answers

Thursday, 24 September 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

35. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici an próiseas tairisceana atá ar bun le haersheirbhís a chur ar fáil go hÁrainn a chur ar ceal agus tairiscintí nua a lorg d’aersheirbhís eitleáin ó aerfort Chonamara leis an minicíocht a bhí ann go dáta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31991/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, rinne mo Roinn athbhreithniú a choimisiúnú anuraidh ar an tseirbhís aeir i gcomhréir le Rialachán an AE. Léirigh an t-athbhreithniú a rinne EY go raibh cás socheacnamaíoch ann don tseirbhís aeir. Léiríodh fosta go raibh sé riachtanach sábháiltí a bhaint amach i gcomhthéacs an mhéadaithe de 136% a bhí tagtha ar chostas na seirbhíse aeir le linn na tréimhse athbhreithnithe 2003-2013 a bhí faoi chaibidil sa tuarascáil. Bunaithe ar mholtaí an athbhreithnithe, cuireadh próiseas tairisceana ar bun chun conradh a aontúdon tseirbhís aeir don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019. Is í an Oifig um Sholáthar Rialtais atá i mbun an phróisis tairisceana a reáchtáil thar ceann mo Roinne i gcomhréir le Rialachán an AE.

Tar éis measúnú a bheith déanta ar na hiarratais faoin bpróiseas tairisceana, fógraíodh an tairgeoir roghnaithe don chonradh seirbhíse aeir ar an 26 Lúnasa. Cuireadh in iúl freisin go raibh bronnadh an chonartha faoi réir chomhlíonadh tréimhse sosa deonaí de cheithre lá dhéag agus nach gcuirfí conradh ar bith i gcrích go rachadh an tréimhse sosa in éag ar an 9 Meán Fómhair.

I gcomhréir le comhairle dlí a fuarthas, fógraíodh ar an 10 Meán Fómhair go raibh síneadh á chur leis an tréimhse sosa dheonach go dtí an 16 Samhain. Tógadh an cinneadh seo le súil is soiléiriú a fháil maidir le hAerfort na Gaillimhe a bheith ar fáil do thréimhse an chonartha ceithre bliana ón 1 Deireadh Fómhair mar atá leagtha amach san Iarraidh ar Thairiscintí.

Chun a chinntiú go leanfar le seirbhís aeir chuig agus ó Oileáin Árann, tá mo Roinn ag plé leis an soláthraí seirbhíse reatha chun teacht ar chomhaontú maidir le síneadh a chur leis an gconradh reatha ar feadh ceithre mhí ón 1 Deireadh Fómhair.

Is é an aidhm a bhí agam ón tús ná a chinntiú go mbeidh seirbhís aeir ann i gcónaí d'Oileáin Árann agus leanfaidh mé orm chun an aidhm sin a bhaint amach feadh mo chumais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.