Written answers
Thursday, 24 September 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Forbairt na nOileán
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
233. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard iad na tograí caipitiúla oileánda a ngabhann ollchostas os cionn €1m leo agus ar ceadaíodh airgead ó Mhárta 2011 lena n-aghaidh; cén méid airgid a ceadaíodh i ngach cás; céard iad ainmneacha na dtograí a bhí i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32572/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní raibh aon tograí caipitil ag mo Roinn a thagann faoin gcatagóir atá luaite ag an Teachta sa tréimhse atá luaite.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
234. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh forbairtí ar ché Inis Oírr agus ar ché an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin san áireamh sa chlár caipitiúil atá le fógairt go luath; cén méid airgid a bheidh i gceist sa chlár seo do na hoileáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32573/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, is le Comhairle Contae na Gaillimhe na céanna seo. Ós rud é nach bhfuil an clár caipitil don tréimhse 2016-2021 fógartha ag an Rialtas, ní féidir a rá céard a bheidh san áireamh sa chlár sin go dtí go bhfógraítear é.
No comments