Written answers
Thursday, 24 September 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
16. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici na comhlachtaí a thagann faoi rialacha Acht na dTeangacha Oifigiula, 2003 a leathnú, agus cén uair a dhéanfar sin. [32133/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 liostáilte i gCéad Sceideal an Achta agus sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006) a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2006.
Tá an próiseas chun uasdátú a dhéanamh ar na comhlachtaí poiblí atá le háireamh faoin Acht á bhreithniú ag mo Roinn i gcomhthéacs Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2015 atá á dhréachtú. Cuireadh Ceannteidil an Bhille a d’fhaomh an Rialtas faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht i gcomhréir le polasaí an Rialtais. Tá na moltaí éagsúla a rinne an Comhchoiste i dtaca leis na Ceannteidil á mbreithniú ag mo Roinn.
Tá Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2015 ar Liosta ‘A’ de Chlár Reachtaíochta an Rialtais agus táthar ag súil go bhfoilseofar é le linn théarma reatha na Dála.
No comments