Written answers
Tuesday, 22 September 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Comharthaí Bóthair
Caoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1671. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici an dea-chleachtas maidir le comharthaí dátheangacha, agus an dá theanga oifigiúla ar cóimhéid le chéile, a mholadh do na Comhairlí Contae nó iad a spreagadh chun an dea-chleachtas sin a úsáid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30548/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá dualgas reachtúil ar gach comhlacht poiblí atá ainmnithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 feidhmiú de réir na Rialachán atá déanta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi alt 9(1) den Acht.Faoi na Rialacháin agus faoi réir díolúintí áirithe atá sonraithe, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcuid comharthaíochta á soláthar i nGaeilge amháin, nó i mBéarla agus i nGaeilge, de réir critéar ar leith atá daingnithe sna Rialacháin.
Is feidhm de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga í faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an Achta ag comhlachtaí poiblí.
No comments