Written answers

Tuesday, 22 September 2015

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Seoltaí Poist as Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1536. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources an nglacann sé leis go mbraitheann úsáid éifeachtach Eircode, do dhaoine atá ag lorg Eircode le haghaidh seoltaí poist i nGaeilge, ar bhunachar críochnúil seoltaí a bheith ar fáil a bheidh ar chomhchéim agus ar chomhchaighdeán leis an mbunachar céanna i mBéarla mar a thuairisc an sainghrúpa, a raibh ionadaíocht ag a Roinn féin air, i Márta 2015; an nglacann sé leis go bhfuil sé riachtanach go réiteoidh foras stáit éigin an t-easnamh sa mbunachar Gaeilge atá ann le go mbeidh sé sásúil sa dá theanga oifigiúla; cad iad na céimeanna atá i gceist aige a ghlacadh i dteannta le ranna eile rialtais leis an bhfadhb seo a réiteach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30538/15]

Photo of Alex WhiteAlex White (Dublin South, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ón mbunachar sonraí GeoDirectory agus uaidh sin amháin a thagann na seoltaí Gaeilge a sholáthraítear i mBunachar Sonraí Eircode. Is é aidhm GeoDirectory na haistriúcháin Ghaeilge oifigiúla dheimhnithe ar sheoltaí a chur san áireamh taobh istigh den bhunachar sonraí nuair a bhíonn siad ar fáil agus aistriúcháin ón mBrainse Logainmneacha agus ó Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann in úsáid. Is éard a bhí sa sainghrúpa dá dtagraíonn an Teachta ná grúpa oibre neamhfhoirmiúil ina raibh Foras na Gaeilge, an Brainse Logainmneacha (an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta), Conradh na Gaeilge agus Eircode. Bunaíodh é chun aon fhadhb a bhaineann le seoltaí Gaeilge a shainaithint. Cuireann na torthaí ón ngrúpa oibre seo ar chumas GeoDirectory agus an Bhrainse Logainmneacha sonraí a mhalartú maidir le seoltaí poist as Béarla agus as Gaeilge chun aon fhadhb a d'fhéadfadh bheith ann, nó aon neamhréir a d'fhéadfadh bheith idir an dá bhunachar sonraí, a shainaithint. Mar thoradh ar an anailís seo, táthar ag soláthar aistriúcháin Ghaeilge oifigiúla, atá ann cheana féin agus atá cothrom le dáta, ar sheoltaí poist sa bhunachar sonraí GeoDirectory a chuirfear ar fáil i mBunachar Sonraí Eircode.

Tá sé an-tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil seoltaí ag athrú de bharr éirchóid a bheith á dtabhairt isteach agus nach gcaithfidh daoine an seoladh a úsáideann siad de ghnáth a athrú. Is é an seoladh poist a úsáideann An Post chun seachadadh poist a chur i gcrích ach is féidir le daoine an t-éirchód a chur i ndiaidh cibé cineál seolta a úsáidtear de ghnáth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.