Written answers

Tuesday, 22 September 2015

Department of Social Protection

Meabhrán Mínithe

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

147. To ask the Tánaiste and Minister for Social Protection an bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir leis na meabhráin mhíniúcháin a bheith ar fáil as Gaeilge, ós rud é gur luaigh sí gur mhaith léi go mbeadh fáil orthu 'i nGaeilge ag an am céanna leis an leagan Béarla' ar an Déardaoin 16 Iúl 2011 agus í ag caint ar an Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean, 2011, ag céim an choiste; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30542/15]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

148. To ask the Tánaiste and Minister for Social Protection an bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir leis na meabhráin mhíniúcháin a bheith ar fáil as Gaeilge, ós rud é gur luaigh sí, Déardaoin an 16 Iúil 2011 agus í ag caint ar an Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean, 2011 ag céim an choiste, gur mhaith léi go mbeadh fáil orthu 'i nGaeilge ag an am gcéanna leis an leagan Béarla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30547/15]

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beartaítear chun ceisteanna 147 agus 148 a fhreagairt lena chéile.

I gcaitheamh dhíospóireacht Chéim an Choiste ar an mBille Leasa Shóisialaigh agus Pinsean, 2011, bhí mé ar aon intinn leis na Teachtaí Dála sa mhéid gurbh fearr, más féidir, aistriúcháin Ghaeilge Billí agus Meabhráin Mhínithe ghaolmhara a chur ar fáil ag an tráth céanna a fhoilsítear leaganacha Béarla de na Billí.

Chun leagan Gaeilge den Mheabhrán Mínithe a fhoilsiú, áfach, theastódh go mbeadh an leagan Gaeilge den Bhille ar fáil ag tráth foilsithe an Bhille, chomh maith. Is amhlaidh atá an cás, go háirithe i gcás Billí casta teicniúla, áit a bhfuil gá le comhsheasmhacht sa téarmaíocht a úsáidtear sna haistriúcháin Ghaeilge ar théacs an Bhille agus ar na Meabhracháin Mhínithe ghaolmhara chun mearbhall a sheachaint.

Ós rud é go bhfuil Seirbhís Aistriúcháin Thithe an Oireachtais freagrach as leagan Gaeilge na mBillí a fhoilsiú, chuir mé in iúl do na Teachta Dálaí gur ceist í seo arbh fhearr a mbeadh na Teachtaí Dála, nó b’fhéidir Príomh-Aoirí Thithe an Oireachtais in ann déileáil léi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.