Written answers

Wednesday, 15 July 2015

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

323. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources cad iad na céimeanna atá i gceist aige a ghlacadh chun a chinntiú go n-oibreoidh an córas Eircód le seoltaí Gaeilge chomh maith agus a oibreoidh sé le seoltaí Béarla; an bhfuil sé i gceist aige aird a thabhairt ar an litir a chuir Conradh na Gaeilge chuige ar an 25/6/15 i dtaobh na ceiste seo agus an réiteach a mhol siad; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29459/15]

Photo of Alex WhiteAlex White (Dublin South, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní éigeantach ach deonach atá sé úsáid a bhaint as Eircode agus ní bheidh aon cheanglas ann seoltaí atá ann cheana féin i nGaeilge nó i mBéarla a athrú. Ní dhéantar ach an t-éirchód a chur i ndiaidh an tseolta atá ann cheana féin bíodh sé as Béarla nó as Gaeilge. Tá an t-éirchód deartha sa chaoi is go bhfuil sé neodrach ó thaobh na teanga de, le tacaíocht ó na comhlachtaí Gaeilge, mar go meastar gur sonraí seachas teanga atá ann. Cé is moite de na cóid cheantair atá i mBaile Átha Cliath cheana féin, beidh gach éirchód neodrach ó thaobh suímh de sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Tá ábhar cur chun cinn agus litreacha fógartha postchóid curtha i dtoll a chéile ag Eircode i gcomhairle le Conradh na Gaeilge agus le Foras na Gaeilge agus cuirfear chuig gach seoladh poist sa Stát iad. Tá baill foirne dhátheangacha ar fáil i lárionad glaonna Eircode chun glaonna as Gaeilge ón bpobal a fhreagairt. Leanfaidh mé orm ag obair le heagraíochtaí Gaeilge lena chinntiú go mbeidh gach gné den tionscadal ag cloí le riachtanais ó thaobh na Gaeilge de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.