Written answers

Wednesday, 15 July 2015

Department of Foreign Affairs and Trade

Coimhlintí Eachtracha

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

258. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade an bhfuil cás Ghasá tógtha aige sna Náisiúin Aontaithe agus san AE; cén toradh a bhí ar a achainíocha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29460/15]

Photo of Charles FlanaganCharles Flanagan (Laois-Offaly, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gné lárnach is ea Gaza den choinbhleacht sa Mheánoirthear agus de Phróiseas na Síochána, agus baineann fadhbanna agus ábhair cúraim ar leith leis as féin freisin. Tá iarracht chomhsheasmhach déanta ag Éirinn ar leibhéal an AE fanacht dírithe ar cheist Ghaza, agus tá béim leagtha aici air go mbeidh coinbhleacht as an nua ag tarlú ansin go dtí go mbeidh réiteach faighte orthu siúd. Le himeachtaí an tsamhraidh seo caite, léiríodh go tragóideach go bhfuil sé sin amhlaidh.

D'eisigh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha araon Conclúidí a bhaineann go sonrach le Gaza i mí Lúnasa 2014. San Conclúidí de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha i mí na Samhna 2014 faoi Phróiseas na Síochána sa Mheánoirthear, pléadh go substainteach le Gaza chomh maith.

Ar leibhéal na Náisiún Aontaithe, foilsíodh tuarascáil an Choimisiúin Fiosrúcháin a bhunaigh Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine faoi imeachtaí an tsamhraidh seo caite i mí an Mheithimh. Le linn díospóireachta sa Chomhairle um Chearta an Duine, chuir Éire fáilte roimh an tuarascáil agus thacaigh sí léi. Ar an 3 Iúil, vótáil Éire agus gach ball de chuid an AE den Chomhairle um Chearta an Duine ar son Rúin ar an tuarascáil a bhí curtha faoi bhráid ag toscaireacht na Palaistíne, agus glacadh an Rún sin le tromlach mór.

Ina theannta sin, d'fhreastail líon mór tíortha idirnáisiúnta ar an gComhdháil faoi Atógáil Ghaza a tionóladh i gCaireo i nDeireadh Fómhair 2014, lena n-áirítear beagnach gach Ballstát de chuid an AE. D'fhreastail mé féin uirthi mar ionadaí na hÉireann, agus gheall mé €2.5 milliún breise i gcomhair riachtanais láithreacha agus athshlánú ar bhonn níos fadtéarmaí i nGaza, anuas ar €500,000 i gcistiú faoisimh éigeandála a bhí tugtha againn cheana féin i rith na coinbhleachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.