Written answers

Tuesday, 14 July 2015

Department of Finance

Rátaí Úis Morgáiste

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

264. To ask the Minister for Finance cé na moltaí a rinne sé do na bainc maidir le rátaí úis na morgáistí; an ndearna sé aon mholadh faoi leith chun go bhféadfaí rátaí laghdaithe a thabhairt do dhaoine faoi leith a roghnódh na bainc; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28455/15]

Photo of Michael NoonanMichael Noonan (Limerick City, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol do na Teachtaí Dála, bhuail mé le lucht ardbhainistíochta na sé phríomhiasachtóir morgáiste in Éirinn i mí na Bealtaine chun saincheist rátaí úis na morgáistí a phlé. Ba ar an margadh morgáistí agus ar na rátaí athraitheacha caighdeánacha réasúnta ard atá á ngearradh ag na bainc faoi láthair go sonrach a dhírigh na cruinnithe.

Níor mhol mé gur cheart rátaí laghdaithe a thabhairt do dhaoine faoi leith a roghnódh na bainc.  Ina ionad sin, leag mé mo thuairim amach gur ró-ard atá na Rátaí Athraitheacha Caighdeánacha atá á ngearradh i margadh na hÉireann.  Chomhaontaigh na hiasachtóirí go léir gur cheart fáil a bheith ag custaiméirí ar tháirgí morgáiste níos iomaíche de réir mo mholta.  Chomhaontaigh na bainc a gcuid rátaí agus táirgí a athbhreithniú agus, faoi thús mhí Iúil, roghanna simplí a bheith acu le haghaidh íocaíochtaí míosúla morgáiste a laghdú do chustaiméirí rátaí athraitheacha caighdeánacha. Áirítear le roinnt de na táirgí féideartha rátaí athraitheacha caighdeánacha níos ísle do chustaiméirí reatha agus do chustaiméirí nua, táirgí iomaíocha ráta sheasta agus rátaí athraitheacha níos ísle ina gcuirtear an coibhneas iasachta in aghaidh luacha san áireamh do chustaiméirí reatha agus do chustaiméirí nua.  Pléadh staid na n-úinéirí tí atá i gcothromas diúltach agus rinneadh dearbhú a iarraidh agus a fháil go mbeadh na húinéirí tí sin ábalta leas a bhaint as roghanna chun a n-aisíocaíochtaí míosúla a laghdú.

Tá fógraí déanta ag na bainc agus déanfaidh oifigigh sa Roinn seo athbhreithniú ar an dul chun cinn sna seachtainí romhainn. Cuirfear sraith leantach cruinnithe ar siúl leis na bainc i mí Mheán Fómhair roimh an mBuiséad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.