Written answers

Tuesday, 7 July 2015

Department of Education and Skills

Scoileanna Oileáin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

509. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na socraithe atá déanta aici lena chinntiú go bhfuil clár cuimsitheach ábhar ar fáil ag an 200 scoláire atá ag freastal ar scoileanna dara leibhéal ar na hoileáin; cad iad na céimeanna atá i gceist aici a ghlacadh le cúrsaí a fheabhsú; cad iad na hiarratais ina leith seo atá faighte ón GRETB agus ó DETB; cén cinneadh a rinneadh ar na hiarratais seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27447/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chun cur ar chumas an údaráis scoile freagairt ar dheacracht atá sainaitheanta le freastal ar na tiomantais churaclaim fíor-riachtanacha i leith na ndaltaí laistigh den ghnáth-leithdháileadh foirne.Leagtar amach mionsonraí ar phróiseas an lamháltais churaclaim in éineacht leis na critéir leithdháilte post agus tá siad seo ar fáil chomh maith ar an suíomh idirlín.

Tá sás achomharc san áireamh sa phróiseas leithdháilte chomh maith faoina féidir le scoileanna achomharc a dhéanamh in aghaidh an leithdháilte atá ag dul dóibh faoi na sceidil foirnithe. Tá na nósanna imeachta maidir le hachomharc leagtha amach sna socruithe foilsithe foirnithe chomh maith. Feidhmíonn an Bord Achomharc go neamhspleách ar an Roinn agus ní bhíonn dul thar a bhreith.

Maidir leis an dá scéim de chuid an Bhoird Oideachais agus Oiliúna ar thagair an Teachta dóibh, d'éirigh leis an dá scéim sin leithdháiltí breise a fháil ag céim na Lamháltas Curaclaim agus Achomhairc de Phróiseas Leithdháileacháin 2015/2016. Cuireadh scéala faoin leithdháileadh breise in iúl do Phríomhfheidhmeannach na Scéimeanna sin sa Leithdháileachán is déanaí a eisíodh, i mí an Mheithimh.

Leis an gcur chuige atá ag an Rialtas i leith an gheilleagar a athshlánú tá Éire tagtha ar ais chuig staid ina bhfuil fás geilleagrach le feiceáil. Is de bharr feabhsaithe leanúnaigh ar an bhfás geilleagrach againn thar tréimhse mharthanach a bheimid in ann gluaiseacht ar aghaidh chuig pointe ag a bhféadfaimid machnamh arís ar acmhainní breise múinteoireachta a chur ar fáil i scoileanna, lena bhféadfaí tuilleadh feabhsúchán ar an gcóimheas daltaí le múinteoir, méid na ranganna agus tacaíocht do mhúinteoirí rangsheomra a chur i gcrích.

Is é an dúshlán atá roimh na scoileanna go léir ná a chinntiú go mbaineann siad leas as na hacmhainní atá leithdháilte dóibh a fheabhas is féidir chun na torthaí múinteoireachta agus foghlama a uasmhéadú.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

510. To ask the Minister for Education and Skills cad atá i gceist aici a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh sé tarraingteach do mhúinteoirí múineadh sna scoileanna dara leibhéal ar na hoileáin; an bhfuil sé i gceist aici tuilleadh postanna lánaimseartha a chur ar fáil sna scoileanna seo; an bhfuil sé i gceist aici freisin an liúntas oileánda a thabhairt ar ais do mhúinteoirí oileánda nach bhfaigheann an liúntas sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27448/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chun a chur ar chumas údarás na scoile an deacracht a aithnítear maidir le tiomantas riachtanach curaclaim a shásamh laistigh den ghnáth-leithdháileadh foirne. Tá cur síos ar na mionsonraí a bhaineann le próiseas an lamháltais do leithdháileadh post ar an láithreán gréasáin freisin.Áirítear mar chuid den phróiseas leithdháilte cur chuige don achomharc inar féidir le scoileanna achomharc a dhéanamh i gcoinne an leithdháilte atá ag dul dóibh faoi na sceidil foirnithe. Tá na nósanna imeachta don achomharc leagtha amach freisin sna socruithe atá foilsithe don fhoirniú. Feidhmíonn Bord na nAchomharc go neamhspleách ar an Roinn agus breith chríochnaitheach a bhíonn i gceist ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.