Written answers

Thursday, 18 June 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

11. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht ar léigh sí an tuarascáil ina n-iarrtar coimisiún praínneach chun an Ghaeilge a shábháil sa Ghaeltacht [23873/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt don tuarascáil dar teideal Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2006-2011,a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta le déanaí. Is éard atá sa tuarascáil seo ná nuashonrú ar an Staidéir Cuimsitheach Teangeolaíoch2007, ag tógáil torthaí na gceisteanna teanga ó Dhaonáirimh 2006 agus 2011 san áireamh. Ba é an tÚdarás féin a choimisiúnaigh an taighde seo, a bhfuil sé mar aidhm aige eolas a chur ar fáil do na heagraíochtaí pobail atá ag tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012. Cé go n-aithnítear go léiríonn an tuarascáil na dúshláin mhóra atá le sárú maidir leis an nGaeilge sa Ghaeltacht, ní mór an comhthéacs ina bhfuilimid ag feidhmiú a thuiscint. Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá an Straitéis á cur i bhfeidhm go córasach ag réimse páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Ranna Rialtais, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Foilsíodh an Straitéis in 2010, tar éis tacaíocht traspháirtí a bheith faighte i dTithe an Oireachtais agus próiseas cuimsitheach comhairliúcháin agus taighde a bheith curtha i gcrích, lena n-áirítear tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002 agus an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007. Tá an Straitéis bunaithe ar chur chuige iomlánaíoch, comhtháite, agus tá sé soiléir ó na tuairiscí ar dhul chun cinn atá foilsithe go dáta go bhfuil forás suntasach á dhéanamh ar chur i bhfeidhm na réimsí gnímh atá sonraithe ann.

Tuigim go maith an dinimic a bhaineann le hathrú teanga agus an brú atá ar mhionteanga mar thoradh ar cheannas an Bhéarla. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach a lua go bhfuil cosaint shuntasach bhunreachtúil agus reachtach tugtha don Gaeilge ag an Stát ó bunaíodh é. Ina theannta sin, is é polasaí an Rialtais tacú le tuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht agus tá scéimeanna tacaíochta éagsúla ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta chun an polasaí sin a chur i bhfeidhm.

Mar fhocal scoir, ní mór a thuiscint go bhfuil céimeanna praiticiúla á dtógáil ag an Stát chun feabhas a chur ar chúrsaí. Mar shampla, tá dréachtpholasaí do sholáthar oideachais i gceantair Ghaeltachta foilsithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna agus tá próiseas comhairliúcháin ar an dréachtpholasaí sin ar siúl faoi láthair ag a Roinn, i gcomhar le mo Roinn féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.