Written answers

Tuesday, 9 June 2015

Department of Agriculture, Food and the Marine

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

443. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21515/15]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I ndiaidh tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais, foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 i Nollaig 2010. Leagtar amach sa Straitéis naoi limistéar le haghaidh gnímh, lena n-áirítear seirbhísí poiblí. I measc chuspóirí na Straitéise, tá an líon daoine a mhéadú a úsáideann seirbhísí an Stáit trí mheán na Gaeilge. Luaitear i gClár an Rialtais, 2011-2016 go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis agus go dtabharfaidh siad faoi na spriocanna is féidir a bhaint amach a bheartaítear sa Straitéis.

Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach, go príomha, as ceisteanna lena mbaineann an Ghaeilge agus tá idirchaidreamh iomlán idir mo Roinn agus an Roinn sin chun cabhair a thabhairt chun an Straitéis a chur chun cinn agus go háirithe maidir le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn trí Scéim Gaeilge.

In 2006, chuir mo Roinn a gcéad Scéim Gaeilge i gcrích agus tá deireadh á chur againn faoi láthair le Scéim nua, a bhfuiltear ag súil leis a fhorbróidh agus a mhéadóidh úsáid na Gaeilge i mo Roinn.

Tabharfar cuntas sa Scéim Gaeilge nua ar fhreagrachtaí mo Roinne chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus tabharfaidh sí faoin nGaeilge a chur chun cinn trí roinnt bealaí, lena n-áirítear:

-Aon chruinnithe a chuirtear ar bun i gceantair Ghaeltachta nó nuair a bhítear ag déileáil le saincheisteanna Gaeilge/Gaeltachta ar a bhfreastalaíonn an fhoireann atá inniúil sa Ghaeilge;

-Leanúint le hobair a dhéanamh go ndéanfar teanga oibre mo Roinne den Ghaeilge sna hoifigí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta.

-Treoirlínte, bileoga faisnéise agus foirmeacha iarratais a sholáthar i bhformáid dhátheangach;

-Roinnt preaseisiúintí a chur ar fáil go dátheangach ar láithreán gréasáin mo Roinne;
Ceist atá sna bearta faoina dtugann na Comhlachtaí Stáit faoi choimirce mo Roinne a bhfuil ar na Comhlachtaí Stáit, iad féin, plé léi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.