Written answers
Tuesday, 9 June 2015
Department of An Taoiseach
Seirbhísi trí Ghaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
142. To ask the Taoiseach cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21529/15]
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é an rud ar a ndíríonn obair Roinn an Taoisigh go príomha ná idirghníomhú le Ranna agus Gníomhaireachtaí eile Rialtais. Mar thoradh air sin, ní thugann an Roinn leibhéal suntasach d'éileamh ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge faoi deara.
Thug líon comhaltaí foirne sa Roinn le fios go bhfuil an inniúlacht sa Ghaeilge acu agus go bhfuil siad inniúil chun réimse seirbhísí a sholáthar i nGaeilge ar leibhéil áirithe chumais. Astu seo, sannadh beirt oifigeach ag a bhfuil ardleibhéal inniúlachta chun seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge, agus is leor an líon seo chun freastal ar an éileamh reatha.
Aithníonn an Roinn an tábhacht a bhaineann le líon foirne a bheith ann atá líofa sa Ghaeilge agus atá in ann seirbhísí a sholáthar i nGaeilge. I gcomhréir le beartas an Rialtais, sonrófar i scéimeanna teanga amach anseo de chuid na Roinne, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, na poist ina mbeidh riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.
Anuas air sin, is gné de Chairt Chustaiméirí na Roinne úsáid na Gaeilge, ina luaitear go bhfreastalófar ar chustaiméirí ar mian leo tabhairt faoina ngnó i nGaeilge.
No comments