Written answers

Tuesday, 9 June 2015

Department of Public Expenditure and Reform

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

375. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21526/15]

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar fhreagra ar an gceist, is féidir liom a dhearbhú go bhfuil "Scéim Teanga 2015-2018" mo Roinne féin leis an An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi láthair, ag fanacht ar faomhadh.  Comh luath is a tharlaíonn sé seo beidh an scéim foilsithe ar suíomh idirín na Roinne agus scaipeadh chuig na heagraíochtaí a thagann faoi mo choimirce.  Beidh grúpa bainistíochta sinsearach ag coineáil fheidhmiú éifeachtach na Scéime Teanga faoi athbhreithniú.

Mar gheall ar nádúr na hoibre sa Roinn, bíonn go leor de na rannáin ag plé go díreach le Ranna Rialtais eile, an Aontas Eorpach agus institiúidí airgeadais, an Oireachtas agus a fhoireann féin.  Ní bhíonn an Roinn ag plé le h'ardleibhéal teagmháil dhíreach nó scéimeanna agus seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine den phobal.  In ainneoin seo, déanann mo Roinn monatóireacht leanúnach ar an leibhéal éilimh atá ann ar sheirbhísí trí Ghaeilge chun a chinntiú go bhfuil na riachtanais ar fad á gcomhlíonadh.  Tá seachtar ball den fhoireann in ann obair na Roinne a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus cé is cosúil go bhfuil an uimhir sin íseal,  comhlíonann sé na héilimh atá ann faoi láthair laistigh de mo Roinn.  Beidh seirbhísí nach mór dúinn tiomanta do sheachadadh i nGaeilge faoi Scéim Teanga ar an caighdeáin céinne leis na seirbhíse a ghlac an Roinn maidir le seachadadh seirbhísí dár gcustaiméirí. 

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

376. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhfuil sé i gceist aige leagan dátheangach a chur ar fáil den ábhar maidir leis an gClár Brústocaireachta a bhaineann le heagraíochtaí brústocaireachta; an mbeidh deis ag eagraíochtaí ar mian leo é clárú i nGaeilge ar an gclár seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21532/15]

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta, is é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as cur chun feidhme an gClár Brústocaireachta 2015. Forálann Alt 9 den Acht go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí  an gClár Brústocaireachta a bhunú agus a choimeád ar bun.  Deireann Acht Alt 10 (2) go ndéanfar an Clár a choimeád i cibé foirm is cuí leis an gCoimisiún um Chaighdeáin.

Cuirfear tús leis an An Bille um Brústocaireacht a Rialáil ar 1 Meán Fómhair, 2015.  Tá mo chuid oifigeach ag obair go dlúth leis an gCoimisiún um Chaighdeáin i ullmhú do thús na reachtaíochta. Mar sin féin, is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin agus comhlacht nach bhfuil feidhm dhíreach agam ar. 

Tugaim faoi deara gur comhlacht poiblí é an Coimisiún um Chaighdeáin. Ní mór dóibh cloí le riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar ndóigh táim cinnte go ndéanfaidh siad amhlaidh.  Tuigim go bhfuil rún ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go mbeidh gach ábhar ábhartha agus riachtanach chun cabhrú le comhlíonadh cheanglais na reachtaíochta ar fáil ar an suíomh i nGaeilge. Tuigim freisin go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go mbeidh éine ar mian leo a chlárú nó a chomhdú tuairisceán i nGaeilge a bheith in ann é sin a dhéanamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi pleananna an Choimisiúin um Chaighdeáin, ba mhaith liom a mholadh do pháirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin go díreach.  Ba mhaith liom freisin a thuilleadh go rachaidh siad i gcomhairle leis an láithreán gréasáin ag ,a sheoladh ar an 30 Aibreán 2015, chun deis a thabhairt do cláraithe a bheith eolach ar an gcóras.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.