Written answers

Tuesday, 9 June 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí i nGaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1194. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21516/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann mo Roinn seirbhísí fairsinge ar fáil go rialta don phobal i nGaeilge nó go dátheangach. Tá eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ó mo Roinnse leagtha amach i scéim teanga na Roinne a cuireadh i dtoll a chéile de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tar éis próiseas comhairliúcháin poiblí a cuireadh i gcrích i mí na Bealtaine, tá mo Roinn ag dréachtú scéim nua Gaeilge i láthair na huaire, a thógfaidh ar an scéim reatha 2012-2015 ó thaobh soláthar éifeachtach agus éifeachtúil na seirbhísí trí Ghaeilge

Mar an gcéanna, tá eolas ar na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce mo Roinne leagtha amach i scéimeanna Gaeilge na n-eagraíochtaí sin. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá mé freagrach as na scéimeanna teanga a aontú leis na comhlachtaí poiblí atá ainmnithe faoin Acht, lena n-áirítear comhlachtaí poiblí atá faoi chúram mo Roinne-se.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.