Written answers

Tuesday, 9 June 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

An Maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1187. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí i gceist ag an Rialtas a iarraidh ar an Aontas Eorpach deireadh a chur in 2017 leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach chun go mbeidh aitheantas iomlán á thabhairt don Ghaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21531/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bronnadh stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre ar an nGaeilge san Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2007 faoi Rialachán 920/2005. Bhí páirtmhaolú san áireamh sa Rialachán a bhí le hathbhreithniú gach cúig bliana agus an chéad tréimhse le leanúint go dtí an 31 Nollaig 2011. Mar thoradh ar athbhreithniú, cuireadh síneadh leis an bpáirtmhaolú don dara tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2016 faoi Rialachán 1257/2010. Faoi théarmaí an mhaolaithe atá in áit ó 2007, ní gá ach reachtaíocht a nglactar léi faoin ngnáthnós imeachta reachtach (an nós imeachta comhchinnteoireachta a bhí ann roimhe seo) a aistriú go Gaeilge. Chun na hamlínte riachtanacha a bhaint amach, tá cinneadh de dhíth ón Rialtas in 2015 ar an gcur chuige optamach i leith an mhaolaithe. Ina dhiaidh sin, déanfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar fheidhmiú an mhaolaithe. Tá cinneadh d'aon ghuth de dhíth ón gComhairle roimh dheireadh 2015 maidir le síneadh a chur leis an maolú, é a leasú nó deireadh a chur leis. Chuirfí an gníomh a bheadh aontaithe ag an gComhairle i bhfeidhm ansin ón 1 Eanáir 2017.

Tá oifigigh ó mo Roinnse agus ó Roinn an Taoisigh ag plé go gníomhach le hinstitiúidí an AE agus le páirtithe ábhartha leasmhara eile le tamall anuas chun an cur chuige is fearr i leith an mhaolaithe a cheapadh. Sa chomhthéacs sin, tá na seirbhísí reachtacha agus neamhreachtacha atá á gcur ar fáil faoi láthair i nGaeilge, agus an fhéidearthacht maidir le síneadh a chur leis na seirbhísí seo, á mbreithniú faoi láthair. Ta réamhobair ar dhréacht-Rialachán ar bun sula gcuirfear dréachtmheamram faoi bhráid an Rialtais.

Ó thaobh cúrsaí lóistíochta agus cúrsaí clú, ní mór a nótáil go mbreathnaítear ar an gcur chuige atá glactha ag Éirinn maidir leis an maolú mar fhreagra cothrom agus réasúnach a mbeidh aird aige ar thosca agus ar dhúshláin reatha, go háirithe ó thaobh ceisteanna mar earcú tráthúil an phearsanra a theastaíonn agus úsáid iarbhír na Gaeilge in institiúidí an AE.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.