Written answers

Tuesday, 9 June 2015

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Seirbhísi trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1113. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21518/15]

Photo of Alex WhiteAlex White (Dublin South, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá oifigeach Gaeilge ag mo Roinn atá ar fáil le maoirsiú a dhéanamh ar aistriúchán cháipéisí go Gaeilge. Tá leaganacha Gaeilge agus Béarla ag an Roinn dá suíomh gréasáin le Ceisteanna Coitianta sa dá theanga maidir le gach rannóg de chuid na Roinne. Cuirtear na treoirlínte, na bileoga eolais agus na foirmeacha iarratais go léir a bhaineann le scéimeanna, cláir agus próisis na Roinne ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar aon.

Tá na cáipéisí seo a leanas foilsithe freisin ag mo Roinn i nGaeilge:

- Leabhar Geolaíochta i nGaeilge, dar teideal 'An Gheolaíocht ó Bhun go Barr' le húsáid i mbunscoileanna agus i meánscoileanna;

- Leagan Gaeilge den bpóstaer 'The Bedrock Map of Ireland', dar teideal 'Geolaíocht Bhuncharraige na hÉireann'; agus

- Leagan Gaeilge de 'The Real Map of Ireland' dar teideal 'Fíor Léarscáil na hÉireann.'

Tá leagan Gaeilge den suíomh gréasáin oideachas geolaíochta 'Geoschol' á chur le chéile faoi láthair.

Cuirtear oiliúint sa Ghaeilge ar fáil don bhfoireann ar iarratas inár n-aonad foghlama agus forbartha.

Maidir leis na comhlachtaí atá faoi choimirce mo Roinne, is ceist oibriúcháin í seo do na comhlachtaí féin .

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.