Written answers

Tuesday, 9 June 2015

Department of Education and Skills

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

952. To ask the Minister for Education and Skills conas mar atá ag éirí leis an scéim phíolótach páirt-tumoideachais a luaitear i dtuarascáil na Roinne, Iúil 2013 - Meán Fómhair 2014, ar dhul chun cinn i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-30, in alt 2.2 Páirt-tumadh / Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha; conas mar atá ag éirí leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir leis an scéim seo a chur i bhfeidhm; cén líon scoileanna, múinteoirí agus daltaí atá ag tabhairt fúithi; céard iad na scoileanna atá i gceist; cén oiliúint bhreise nó cé na hábhair tacaíochta bhreise a tugadh do na múinteoirí agus céard a bhí i gceist leo; an bhfuil aon mheasúnú á dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéime agus ar thorthaí na scéime trí chumas a mheas nó an bhfuiltear ag súil lena leithéid a dhéanamh; an bhfuil sé i gceist an líon scoileanna a bhfuil an scéim phíolótach ar siúl iontu a mhéadú sa bhliain acadúil 2015/16; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21601/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

In 2014, d'ullmhaigh an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) treoir cleachtais ar Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga (FCAT). Cuireadh san áireamh í sin ó shin mar chuid den Ábhar Tacaíochta do Churaclam nua Teanga na Bunscoile: Gaeilge agus Béarla, do pháistí i Ranganna Sóisearacha Bunscoile. Forbraíodh an Treoir Cleachtais bunaithe are cheachtanna a foghlaimíodh ón tionscadal píolóta ar Amharcealaíona agus FCAT a chuir ar tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoiri i gcrích le lion beag scoileanna i rith 2012 agus 2013.

D'fhaomh Meitheal Forbartha CNCM do Theanga sa Luath-Óige agus sa Bhunscolaíocht agus an Bord don Luath-Óige agus don Bhunscolaíocht Curaclam nua Teanga na Bunscoile le déanaí, agus tá sé á thabhairt chun críche faoi láthair lena fhoilsiú do bhunscoileanna (ar líne agus i gcóip chrua) i Meán Fómhair. Tá Ábhar Tacaíochta do mhúinteoirí, a chabhróidh leo agus iad ag úsáid an churaclaim, á fhoilsiú mar chuid d'Uirlisí Úsáide Teanga na Bunscoile a ghabhfaidh leis an gcuraclam.

Cuirtear deis ar fáil chun an FCÁT a ionchorprú go nádúrtha i ngnéithe eile den churaclam trí thus a chur leis an leasú ar an gcurclam bunscoile leis an gcuraclam teangacha comhtháite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.