Written answers

Tuesday, 9 June 2015

Department of Education and Skills

Seirbhísi trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

946. To ask the Minister for Education and Skills cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21520/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn tiomanta do chinntiú go gcuireann sí an tseirbhís is fearr ar fáil agus is féidir, sa dá theanga oifigiúla, don phobal i gcoitinne. Tugann Scéim Ghaeilge mo Roinne 2013-2016, atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo, eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil as Gaeilge faoi láthair agus ainmníonn sí na réimsí atá le feabhsú amach anseo. Ina measc sin tá: córais a thabhairt isteach agus a fheabhsú d'fhonn a chinntiú go gcuirtear leaganacha Gaeilge ar fáil d'fhoilseacháin áiríthe de chuid na Roinne agus d'fhonn bailiú sonraí ó scoileanna agus ón bpobal as Gaeilge a éascú; méadú ar líon an ábhair as Gaeilge ar shuíomh gréasáin na Roinne agus cur leis an gcumas laistigh den Roinn chun seirbhísí a sholáthar as Gaeilge i gcoitinne trí dheiseanna oiliúna agus forbartha.

Tugadh roinnt bearta isteach chun feabhas a chur ar na seirbhísí a chuireann Seirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) agus Cigireacht na Roinne ar fáil as Gaeilge do scoileanna Gaeltachta agus do Ghaelscoileanna, lena n-áirítear oiliúint spriocdhírithe na Gaeilge a sholáthar, acmhainní a aistriú go Gaeilge agus polasaí earcaíochta a chur i bhfeidhm chun cuidiú le leanúint de sholáthar seirbhísí as Gaeilge.

Mar chuid dá cur i bhfeidhm leanúnach ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá réimse de bhearta tacaíochta curtha ar bun ag mo Roinn maidir le curaclam, measúnú agus oideachas múinteoirí. Áiríodh leis an obair seo athbhreithniú ag an gCigireacht ar oideachas na Gaeltachta d'fhonn a polasaí a shoiléiriú maidir leis an oideachas i scoileanna Gaeltachta.

Maidir le heagraíochtaí faoi scáth mo Roinne is faoi gach gníomhaireacht atá sé an t-eolas a sholáthar agus ní thiomsaítear go lárnach é. Má tá suim ag an Teachta i ngníomhaireacht ar leith, iarrfaidh oifigigh i mo Roinn ar an ngníomhaireacht atá i gceist an t-eolas ábhartha a sholáthar sa mhéid agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.