Written answers

Tuesday, 9 June 2015

Department of Social Protection

Seirbhísi trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

186. To ask the Minister for Social Protection cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21528/15]

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí, lena n-áirítear na heagraíochtaí faoina coimirce, tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla araon. Bhain éifeacht le Scéim Gaeilge na Roinne 2015-2018 ón 16 Márta 2015 ar aghaidh agus fanfaidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana nó go dtí go ndeimhníonn an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Scéim nua. Foilsíodh an Scéim seo, ina leagtar amach gealltanais na Roinne maidir le seirbhís do chustaiméirí i nGaeilge agus a chuireann an fháil in iúl atá ar sheirbhísí trí Ghaeilge, ar láithreán gréasáin na Roinne, i Márta.

Seirbhís faisnéise criticiúla atá i láithreán gréasáin na Roinne do chustaiméirí, a chuireann foirmeacha iarratais agus sonraí ar fáil ar na scéimeanna agus na seirbhísí atá ar fáil. Anuas air sin, taispeántar fógraí a chuireann custaiméirí ar an eolas ar na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge i ngach oifig ábhartha.

Is é cuspóir na Scéime Teanga 2015-2018 chun an leibhéal de sheirbhís ardchaighdeáin trí Ghaeilge atá ar fáil dár gcustaiméirí a choimeád agus a fheabhsú. Sa chás go ndéanann custaiméirí comhfhreagras linn i nGaeilge, tugtar freagra dóibh i nGaeilge. Mar gheall ar an líon mór oifigí den Roinn ar fud na tíre, ní féidir comhaltaí foirne (a bhfuil líofacht dhóthanach acu chun déileáil le custaiméir trí mheán na Gaeilge) a bheith ar fáil ag gach tráth i ngach láthair. Nuair a tharlaíonn seo, is é an nós imeachta ná go gcuirtear coinne ar tairiscint don chustaiméir le comhalta foirne ar féidir leis/léi déileáil leo trí Ghaeilge. Mar rogha air sin, is féidir seirbhís ateangaireachta, a sholáthraítear trí chomhrá gutháin trí bhealach, a chur ar fáil.

Anuas air sin, tá an Roinn tiomanta, chomh maith, d'fhorbairt leantach agus d'oiliúint a chur ar an bhfoireann chun soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a éascú. Tá fáil ar réimse tacaíochtaí chun na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt don fhoireann túslíne chun seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar i nGaeilge ar an nguthán, i litir agus i bpearsan. I measc na dtacaíochtaí atá ar fáil, tá cistiú d'fhreastal ar chúrsaí oiliúna Gaeilge; acmhainní oiliúna, ar nós dioscaí teanga agus leabhair a chur ar fáil; agus cistiú trí scéim Aisíocaíochta Táillí na Roinne, chun an fhoireann a spreagadh chun tabhairt faoi oideachas Gaeilge lasmuigh d'uaireanta oibre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.