Written answers
Tuesday, 9 June 2015
Department of Children and Youth Affairs
Seirbhísi trí Ghaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
612. To ask the Minister for Children and Youth Affairs cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21517/15]
James Reilly (Dublin North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I mí Deireadh Fomhair 2013, dhaingnigh an tAire sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta scéim teanga faoi alt 14 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Oige. Leagann an Scéim seo amach an méid ina bhfuil seirbhísí ar fáil faoi láthair trí mheán na Gaeilge, agus aithníonn sí réimsí ar féidir iad a fheabhsú sa todhchaí. Is féidir cóip den Scéim a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne, www.dcya.gov.ie nó is féidir cóip chrua a fháil trí ríomhphost a chur chuig an Roinn. Beidh an Scéim i bhfeidhm ar feadh tréimshe trí bliana. Ag deireadh an chéad bhliain feidhme, rinne an Coimisinéir Teanga iniúchadh ar fheidhmiú na scéime. Beidh an tuairisc faireacháin ar an gcéad bhliain feidhme den Scéim le fáil uaidh go luath.
No comments