Written answers

Tuesday, 9 June 2015

Department of Justice and Equality

Seirbhísi trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

539. To ask the Minister for Justice and Equality cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21527/15]

Photo of Frances FitzgeraldFrances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déantar socrú le halt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, maidir le comhlachtaí poiblí d'ullmhú scéime reachtúla ina sonraítear, inter alia, na seirbhísí a sholáthróidh siad trí mheán na Gaeilge. Thosaigh Scéim Thionscnaimh Ghaeilge na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais le héifeacht ón 30 Meitheamh, 2006, ar í a bheith daingnithe ag Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ama sin. I gCaibidil 6 den Scéim sin, cuirtear síos mar a leanas ar phoibliú na Scéime Comhaontaithe:

'Déanfar ábhar na scéime seo, mar aon le gealltanais agus forálacha na scéime, a phoibliú ar na modhanna seo a leanas:

- Preaseisiúint;

- Seoladh oifigiúil na scéime;

- Fógraíocht phoiblí maidir leis an scéim a bheith ar fáil;

- Scaipeadh ar na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí cuí;

- Láithreán Gréasáin na Roinne; agus

-'Fáinne’ na Roinne.’

Cuireadh cóip den Scéim ar aghaidh go dtí Oifig an Choimisinéara Teanga agus tugadh cóipeanna di freisin do na daoine agus do na heagraíochtaí sin a chuir aighneachtaí ar aghaidh chuig an Roinn, lena n-áirítear Conradh na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Ina theannta sin bhí oifigigh ó na comhlachtaí agus na heagraíochtaí Gaeilge sin ar dhaoine den phobal ar tugadh cuireadh dóibh i gcaitheamh na mblianta chuig imeacht – agus, i gcásanna áirithe, a ghlac páirt in imeacht – a d'eagraigh mo Roinnse gach bliain le tamall de bhlianta anuas chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge sa Roinn agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc bhaill foirne na Roinne.

Féach le haghaidh Scéim thionscnaimh Ghaeilge na Roinne. Tá Dréacht-Scéim nua curtha ag mo Roinn go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta lena daingniú ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tá comhlachtaí ar nós an Gharda Síochána, na Seirbhíse Cúirteanna agus Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, mar aon le 17 gcomhlacht eile san Earnáil Cheartais agus Chomhionannais, liostaithe mar Chomhlachtaí Poiblí sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus iad freagrach as Scéim ar leithligh a ullmhú. Bhí an tSeirbhís Chúirteanna ar cheann de na chéad chomhlachtaí poiblí a d’fhoilsigh Scéim faoin Acht. Déantar an leagan Gaeilge de Rialacha Cúirte a chuireann mo Roinnse ar fáil a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Seirbhíse sin, .

Tá Plean Forfheidhmithe na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030, ar a n-áirítear Plean Forfheidhmithe an Garda Síochána, mar aon le Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn idir Iúil 2013 agus Meán Fómhair 2014, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne

().

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.