Written answers

Tuesday, 9 June 2015

Department of Defence

Seirbhísi trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

505. To ask the Minister for Defence cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne. [21519/15]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn tiomanta chun seirbhísí den chaighdeán is airde a chur ar fáil don phobal ar bhonn dátheangach. Cuirtear baill den phobal ar a n-eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ón Roinn agus ó Óglaigh na hÉireann tríd an gCairt Chustaiméirí a roinneann an Roinn Cosanta agus Óglaigh na hÉireann agus a fhoilsítear ar láithreán gréasáin na Roinne.

Ina theannta sin, tugtar cuntas i Scéim Ghaeilge 2014-2017 na Roinne ar na gealltanais chun cinntiú go mbeidh níos mó seirbhísí ar fáil agus cuirtear an pobal ar a n-eolas faoin méid seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge. Cuirtear síos ar tiomantais chosúla i Scéim Ghaeilge Óglaigh na hÉireann. Cloíonn an dá scéim le prionsabail na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí mar a chuirtear síos uirthi sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí agus sa Chairt Chustaiméara agus tógann siad ar na prionsabail sin.

Ar an gcaoi chéanna tá mo Roinn geallta chun feabhas a chur ar Sheirbhísí Gaeilge i bPlean Athnuachana na Státseirbhíse, agus cuirtear fáilte roimh thorthaí suirbhé a rinneadh le déanaí ar shásamh chustaiméirí na Státseirbhíse ina bhfuarthas go raibh sásamh úsáideoirí seirbhísí i measc iad siúd a úsáideann seirbhísí trí Ghaeilge méadaithe ó 67% i 2009 go 83% i 2015 ar fud na státseirbhíse go léir.

Tá mo Roinn geallta chun an leibhéil éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a mheas ar bhonn leanúnach, chun cinntiú go bhfreastalaíonn sí ar an éileamh sin ar bhealach beartaithe agus chun an pobal a chur ar a n-eolas faoi na seirbhísí a chuireann sí ar fáil trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.