Written answers

Tuesday, 26 May 2015

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

381. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a íocfar deontas faoin Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta (AEOS) do 2014 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20086/15]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceadaíodh rannpháirteacht an duine ainmnithe sa Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta 2011 (AEOS 2) le héifeacht ón 1ú Meán Fómhair 2011.

Roghnaíodh iarratas an duine ainmnithe le haghaidh cigireacht ar an bhfeirm in 2014, lena linn ar tugadh neamhchomhlíonadh le Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime ar aird. Gearradh tobhach pionóis ina leith. Íocadh an chéad tráthchuid d'íocaíocht 2014 chuig an duine ainmnithe an 15 Bealtaine 2015 agus íocadh an t-iarmhéid an 21 Bealtaine 2015. Níl aon íocaíochtaí amuigh ar an gconradh seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.