Written answers

Tuesday, 26 May 2015

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Eitilte

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1058. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a bhfuil súil aici go ndéanfar cinneadh maidir leis na hiarratais ar an tseirbhís aeir go hÁrainn; an bhfuil sí ar an eolas faoin imní atá ar phobal Oileáin Árann faoi na tairiscintí atá á lorg; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20112/15]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá an fógra ag lorg tairiscintí do sheirbhís aeir Oileáin Árann don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019 foilsithe. Ar chúinsí teicniúla, tá síneadh suas go dtí an 22 Meitheamh 2015 curtha leis an spriocdháta lena nglacfar le tairiscintí. Tosófar ar an bpróiseas measúnaithe ina dhiaidh sin. Faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh, is gá go mbeidh an cinneadh déanta dhá mhí roimh thús an chonartha.

Ós rud é gur próiseas beo tairisceana atá i gceist anseo, ní fheictear dom go mbeadh sé cuí a thuilleadh a rá mar gheall air ag an bpointe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.