Written answers

Tuesday, 26 May 2015

Department of Education and Skills

Curaclam Scoile

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

884. To ask the Minister for Education and Skills conas mar atá ag éirí leis an scéim phíolótach páirt-tumoideachais atá á cur i bhfeidhm faoi láthair ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta; cén líon scoileanna, múinteoirí agus daltaí atá ag tabhairt fúithi; céard iad na scoileanna atá i gceist; cén oiliúint bhreise nó cé na hábhair tacaíochta bhreise a tugadh do na múinteoirí agus céard a bhí i gceist leo; an bhfuil aon mheasúnú á dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéime agus ar thorthaí na scéime trí chumas a mheas nó an bhfuiltear ag súil lena leithéid a dhéanamh; an bhfuil sé i gceist an líon scoileanna a bhfuil an scéim phíolótach ar siúl iontu a mhéadú sa bhliain acadúil 2015/16; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20414/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Í 2014, d'ullmhaigh an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) treoir cleachtais ar Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga. Cuireadh san áireamh í sin ó shin mar chuid den Ábhar Tacaíochta do Churaclam nua Teanga na Bunscoile: Gaeilge agus Béarla, do pháistí i Ranganna Sóisearacha Bunscoile. D'fhaomh Meitheal Forbartha CNCM do Theanga sa Luath-Óige agus sa Bhunscolaíocht agus an Bord don Luath-Óige agus don Bhunscolaíocht Curaclam nua Teanga na Bunscoile le déanaí, agus tá sé á thabhairt chun críche faoi láthair lena fhoilsiú do bhunscoileanna (ar líne agus i gcóip chrua) i Meán Fómhair. Tá Ábhar Tacaíochta do mhúinteoirí, a chabhróidh leo agus iad ag úsáid an churaclaim, á fhoilsiú mar chuid d'Uirlisí Úsáide Teanga na Bunscoile a ghabhfaidh leis an gcuraclam.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag stiúradh Líonra Teanga na Bunscoile ó thús na bliana seo. Tá 16 scoil páirteach ann agus iad lonnaithe i dtrí shuíomh (Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Gaillimh) chun tacú le forbairt Churaclam Teanga na Bunscoile. D'fhreastail duine ainmnithe ó SFGM ar gach cruinniú de chuid an Líonra. Is é is cuspóir don Líonra comhoibriú leis na múinteoirí atá páirteach ann chun samplaí a thabhairt dá bhfuiltear ag súil leis le haghaidh fhoghlaim teanga na bpáistí i nGaeilge agus i mBéarla i scoileanna Gaeltachta, i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Béarla. Tá múinteoirí sa Líonra ag obair le CNCM chun Samplaí d'obair na bpáistí i nGaeilge agus i mBéarla a fhorbairt agus tagairt á déanamh do na Contanaim Dul chun Cinn i gCuraclam nua Teanga na Bunscoile.

Foilseofar na Samplaí sin in Uirlisí Úsáide Teanga na Bunscoile, chun tacú le múinteoirí agus iad ag cur tús le Curaclam Teanga na Bunscoile ina seomra ranga. Tá ceamara digiteach ardsonraíochta, cóipeanna de dhréacht-Churaclam Teanga na Bunscoile agus póstaeir de Chontanaim Dul chun Cinn agus de Thorthaí Foghlama faighte ag múinteoirí an Líonra. San iomlán, tá 12 chruinniú Líonra pleanáilte sna trí shuíomh. Beidh na trí chruinniú dheireanacha den Líonra ar siúl ón 3 go 5 Meitheamh. I gcaitheamh na gcruinnithe Líonra, cuireadh oiliúint ar na múinteoirí maidir leis an gceamara digiteach a úsáid chun Samplaí a bhailiú d'fhoghlaim teanga na bpáistí (grianghraif agus físeáin), agus tugadh tacaíocht forbartha gairmiúla do na múinteoirí maidir le Samplaí d'fhoghlaim teanga na bpáistí a chur i láthair agus a anótáil. I bhfianaise a sainchúraim chun tacú le forbairt Uirlisí Úsáide Teanga na Bunscoile, níor iarradh ar mhúinteoirí an Líonra an curaclam a úsáid ar bhonn píolótach ná aiseolas ar a bhfuil ann a sholáthar. Bailíodh aiseolas fairsing ar an dréachtchuraclam i gcaitheamh próiseas comhairliúcháin sé mhí (Aibreán go Deireadh Fómhair 2014). Le linn na tréimhse sin, fuair CNCM 796 suirbhé agus 73 aighneacht scríofa, rinne anailís orthu agus thuairiscigh torthaí ina dtaobh. Bhí torthaí an chomhairliúcháin lárnach agus forbairt an churaclaim á múnlú.

Tá liosta de na 16 scoil atá páirteach sa Líonra curtha ar fáil thíos. Pointí le tabhairt faoi deara:

- Is scoileanna Gaeilge leath de na scoileanna agus is scoileanna Béarla an leath eile;

- Is scoileanna Gaeltachta 5 cinn acu, is Gaelscoileanna 3 cinn acu agus is scoil Bhéarla ina bhfuil sruth Gaeilge an ceann eile;

- Is scoileanna DEIS 3 cinn acu;

- Is scoileanna ilghrád 5 cinn acu;

- Is scoil speisialta ceann amháin acu;

- Is scoil ina bhfuil aonaid speisialta agus beirt mhúinteoirí acmhainne ceann amháin acu.

Baile Átha Cliath/Dublin (7):

- Booterstown National School, Cross Avenue, Blackrock, Co. Dublin;

- Gaelscoil Uí FhiaichAchadh Aoibhinn, Maigh Nuad Co Chill Dara;

- Gaelscoil Cholmcille, Lána na Cúlóige, BÁC 17;

- Holy Spirit Boys Junior School, Silloge Rd, Ballymun, Co. Dublin;

- Griffeen Valley Educate Together, Griffeen Glen Boulevard Lucan (English and Gaeilge);

- Scoil Chiaráin, St. Canices Rd, Glasnevin, Dublin 11;

- Scoil na Naomh Uilig, Rickardstown, Newbridge, Co. Kildare.

Gaillimh/Galway (5):

- Scoil Náisiúnta Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe;

- Scoil Náisiúnta Mhuire, Bawnmore, Claregalway, Co. Galway;

- Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe;

- Scoil Náisiúnta Leitir Mucu, Camas,Co. na Gaillimhe;

- Scoil Náisiúnta Muire gan Smál Camus, Camus, Co. na Gaillimhe.

Corcaigh/Cork (4):

- Scoil Bhríde Presentation Primary School, Old Youghal Rd, Midleton, Co. Cork;

- Bunscoil Mhuire, Youghal, Co. Cork;

- Bunscoil na Rinne, Maoil a' Chóirne, Rinn Ua gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge;

- Gaelscoil Mhachan, Mahon, Co. Cork.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.