Written answers
Tuesday, 19 May 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
550. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici cur le líon na scoláireachtaí do scoláirí ón mórthír chun freastal ar mheánscoileanna ar na hoileáin i bhfianaise an tionchair atá ag an scéim seo ar iompar teanga na scoláirí; cén cúnamh a thugtar leis an scéim chun na scoileanna oileánda a choinneáil ar oscailt agus chun pobal inmharthana a choinneáil ar na hoileáin; an mó éileamh atá déanta ar an scéim; ós rud é go mbeidh comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916 ar siúl in 2016 agus go raibh cur chun cinn na Gaeilge lárnach don Éirí Amach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19543/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoi Scéim na bhFoghlaimeóirí Gaeilge, íoctar deontas laethúil de €27 le teaghlaigh cháilithe ar oileáin Ghaeltachta chun daltaí ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht a choinneáil ar iostas fad a bhíonn siad ag freastal ar mheánscoileanna ar na hoileáin sin. Cuidíonn an scéim le hinmharthanacht na meánscoileanna sin ar na hoileáin Ghaeltachta.
Tá scoileanna ar Árainn, Inis Meáin agus Inis Oírr i nGaillimh páirteach sa scéim agus dhá theaghlach déag ag cur lóistín ar fáil do na daltaí ar na hoileáin sin. Is iad na scoileanna a dhéanann earcaíocht ar na daltaí, a roghnaíonn na tithe lóistín agus a chuireann na daltaí ar iostas sna tithe lóistín. Is iad na scoileanna fosta atá freagrach as na daltaí fad a bhíonn siad ar na hoileáin.
Nuair a cuireadh tús leis an scéim seo sa bhliain 2007, d’íoc mo Roinn deontas i leith 13 dalta an bhliain sin. Tá deontas á íoc ag mo Roinn i leith 34 dalta in 2015. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil an t-éileamh ar an scéim ag méadú i rith an ama.
Déantar athbhreithniú ar an scéim go rialta. Cuirtear nithe éagsúla san áireamh mar chuid de na hathbhreithnithe sin, lena n-áirítear an t-éileamh ó na meánscoileanna ar na hoileáin agus an tionchar a d'fhéadfadh líon iomarcach daltaí ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht a imirt ar theanga phobal na meánscoileanna agus ar theanga phobal na n-oileán féin.
Tugtar sonraí sa tábla thíos faoin líon daltaí agus an caiteachas go dáta ó cuireadh tús leis an scéim.
Bliain | Caiteachas | Líon daltaí - Árainn | Líon daltaí - Inis Meáin | Líon daltaí - Inis Oírr | Líon iomlán daltaí |
---|---|---|---|---|---|
2007 | €68,460 | 0 | 8 | 5 | 13 |
2008 | €65,110 | 2 | 8 | 3 | 13 |
2009 | €62,870 | 4 | 8 | 1 | 13 |
2010 | €77,340 | 3 | 10 | 2 | 15 |
2011 | €91,950 | 4 | 10 | 4 | 18 |
2012 | €125,340 | 11 | 12 | 1 | 24 |
2013 | €159,741 | 5 | 12 | 9 | 26 |
2014 | €127,953 | 10 | 13 | 12 | 35 |
2015* | €65,745 | 10 | 13 | 11 | 34 |
No comments