Written answers

Thursday, 14 May 2015

Department of Agriculture, Food and the Marine

Íocaíochtaí Deontas

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

95. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar cinneadh ar na hachainíocha a rinne mé chuig an Roinn dar dáta an 27 Feabhra 2015 ar son feirmeoir as Gaillimh (sonraí leis seo); céard í an ró-íocaíocht iomlán atá curtha in aghaidh an fheirmeora seo agus cén bhliain den scéim a mbaineann an ró-íocaíocht sin léi; cad é méid an phionóis atá i gceist leis an ró-íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18945/15]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuarthas iarratas faoi na Scéimeanna Aoníocaíochta/na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste ón duine atá ainmnithe an 14 Márta 2013 agus eisíodh íocaíochtaí an 16 Deireadh Fómhair 2013 agus an 2 Nollaig 2013 faoi Scéim na hAoníocaíochta Feirme agus eisíodh íocaíocht an 20 Meán Fómhair 2013 faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste. Tugadh le fios in athbhreithniú a rinneadh ar na dáileachtaí talún a bhí dearbhaithe ag an duine ainmnithe faoi Scéim na hAoníocaíochta 2013 go raibh gnéithe neamhcháilithe sa dáileacht talún a dhearbhaigh an duine agus gur cuireadh an té atá ainmnithe ar an eolas maidir leis. I ndiaidh dom athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh mo Roinne, a lorg an duine ainmnithe, ba léir go raibh gá d’oifigeach ón Roinn cuairt a thabhairt ar an bhfeirm chun an cás a dheimhniú i ndáiríre. F uarthas amach san imscrúdú sin ar an talamh go raibh an scéal ní ba mheasa go deimhin ná an chéad mheasúnú a rinneadh agus laghdaíodh an limistéar tagartha foriomlán ó 2.86 heicteár go dtí 2.12 heicteár.

Deimhníodh leis an seiceáil sin go raibh an ródhearbhú limistéir in 2013 ag 44.34% i gcás na hAoníocaíochta Feirme agus Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste. Toisc go bhfuil 44.34% níos mó ná 20% den limistéar incháilithe nuabhunaithe maidir leis an dá Scéim, níl aon íocaíocht ag dul don duine ainmnithe faoi Scéimeanna na hAoníocaíochta agus na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2013. Fuair an duine ainmnithe íocaíocht de €224.02 faoi Scéim na hAoníocaíochta Feirme 2013 agus íocaíocht de €335.71 faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2013, agus ar an drochuair meastar gur ró-íocaíochtaí iad agus bainfear iad arís as íocaíochtaí a dhéanfaidh mo Roinn amach anseo.

Cuireadh an duine ainmnithe ar an eolas maidir le toradh an athbhreithnithe seo i litir dar dáta an 8 Iúil 2014 agus cuireadh in iúl di go bhfuil sé de cheart aici achomharc a dhéanamh chuig Coiste Achomharc LPIS. N í bhfuarthas aon achomharc go dtí seo.

Fuarthas iarratas faoi iarratas na hAoníocaíochta Feirme 2014 ón duine ainmnithe an 22 Aibreán 2014. Cuireadh torthaí na cigireachta a rinneadh chun an talamh a dheimhniú ar aghaidh go dtí 2014, agus dá bharr tá ródhearbhú limistéir 2014 de 22.89% i gceist i gcás na Scéimeanna Aoníocaíochta Feirme agus na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste araon. Toisc go bhfuil 22.89% níos mó ná 20% den limistéar incháilithe nuabhunaithe maidir leis an dá scéim, ar an drochuair, níl aon íocaíocht ag dul don duine ainmnithe faoi Scéim na hAoníocaíochta agus Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2014.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.