Written answers
Thursday, 7 May 2015
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
230. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici maoiniú díreach a chur ar fáil don iris ‘An Timire’ má tharraingíonn Foras na Gaeilge an maoiniú atá á chur ar fáil don iris sin siar, ó tharla gurb í an iris Ghaeilge is faide atá á foilsiú agus go bhfuil fás agus forbairt tagtha uirthi le tamall anuas agus ós rud é nach bhfuil ar fáil ag an iris ach €6,000 in aghaidh na bliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18064/15]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I dtosach báire, ní mór dom a threisiú gur ceist oibríochtúil atá ann d'Fhoras na Gaeilge maoiniú a chur ar fáil d’irisí Gaeilge agus níl aon ról agam féin mar Aire Stáit ina leith.
Mar atá mínithe agam cheana, tá sé mar aidhm ag Foras na Gaeilge pobal léitheoireachta na Gaeilge a spreagadh agus an iriseoireacht Ghaeilge a chothú trí dhíriú ar ábhar léitheoireachta a chur ar fáil saor in aisce ar líne. Tar éis don Fhoras próiseas tairisceana poiblí a reáchtáil, tuigtear dom gur bronnadh conarthaí i ndáil leis na foilseacháin seo a leanas: nuachtán seachtainiúil (Tuairisc.ie), iris stíl mhaireachtála (Nos.ie) agus foilseachán liteartha (Comhar). Tuigtear dom fosta ó Fhoras na Gaeilge go léiríonn na figiúirí léitheoireachta go dtí seo go bhfuil ag éirí leis an chur chuige seo.
Níl aon phleananna ag mo Roinn maoiniú díreach a chur ar fáil don iriseoireacht Ghaeilge i bhfianaise na bhfeidhmeanna atá á gcomhlíonadh ag Foras na Gaeilge san earnáil seo.
No comments