Written answers

Thursday, 7 May 2015

Department of Education and Skills

Scoileanna Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

194. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aici airgead breise a cheadú do Scoil Bhaile Nua (uimhir rolla 15331H) de bharr costas breise a bheith orthu i dtaca leis an togra tógála atá idir lámha acu a chur i gcrích, rud a eascraíonn as na rialacha nua tógála a chuir an Rialtas seo ar bun; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18063/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mí Lúnasa 2014, ceadaíodh deontas déabhlóidithe do Scoil Bhaile Nua faoi Scéim Chóiríochta Breise mo Roinne chun rangsheomra príomhshrutha breise amháin agus leithreas d'úsáideoirí cuidithe a chur ar fáil.

Chuir an tÚdarás Scoile iarratas faoi bhráid le déanaí ar mhaoiniú breise chun cloí le Teastais um Shábháilteacht Dóiteáin agus Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas. Táthar tar éis a iarraidh ar an Údarás Scoile tuilleadh eolais a chur ar fáil maidir leis an leibhéal cóiríochta atá molta agus a luaithe is a fhaighfear an t-eolas seo breithneofar an t-iarratas ar mhaoiniú breise.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

195. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nach bhfuil áit ar bhord nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) d’ionadaí ó eagraíocht na scoileanna Gaeltachta, ag cur i gcuntas an tábhacht a bhaineann leis an scolaíocht Ghaeltachta do leanaí na Gaeltachta agus don teanga; an bhfuil sé i gceist aici athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18065/15]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá meas agam ar an dtuiscint agus ar an dtaithí a thugann ionadaithe na scoileanna Gaeltachta go COGG agus an ról atá tar éis a bheith acu maidir leis an obair chuimsitheach atá déanta ag COGG ó bunaíodh í i 2002.

I gcomhthéacs an bhunaithe do bhord nua COGG tá roinnt deiseanna ann do scoileanna Gaeltachta ionadaíocht a fháil trí Údarás na Gaeltachta agus trí na trí cheardchumann do mhúinteoirí

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.